Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 2:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dhó agus sgriobuidheagh an phubail, do fhíafruigh sé dhióbh, Cía a náit ann a mbéartháoi Chriosd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus chruinnigh sé a raibh ann dʼardsagairt agus de scríobhaithe sa phobal, gur fhiafraigh díobh cá háit a raibh an Críost le teacht ar an saol.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ar chruinniughadh na bpríomh-shagart agus Scríobhaidhthe an phobail go léir le chéile dó, d’fhiafruigh sé díobh cá h-áit an chóir do’n Chríost a theacht ar an tsaoghal.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríobhaidhthe an phobail, agus d’fhiafruigh sé dhíobh cá mbéarfaidhe an Críost.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus sgríbhneóirí an phobuil, agus d’fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfaí Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus dʼfhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:4
30 Tagairtí Cros  

Mar an ccéadna do bhádar ós cionn luchda iomchuir na núalach, agus an lucht teithmhe ar a nuile dhuine do bhí ag oibriughadh annsa nobair a serbhís ar bith: agus is do na Lebhítibh do bhádar scribhneóirigh, agus oifigidh, agus doirséoirigh.


Agus do fhreagair Hilciah, agus a dubhairt sé re Saphan an scribhneóir, Fuáir mé leabhar an dlighe a ttigh an TIGHEARNA. Agus thug Hilciah an leabhar do Shaphan.


¶ Tuilleamh oile fós do pheacuigheadar na hárdshagairt uile, agus an pobal, go romhór do réir uile ghráineamhlachda na ngeínteadh; agus do thrúailleadar tigh an TIGHEARNA noch do náomhuigh sé ann Ierusalem.


Annsin déirigh Esra, agus thug mionna ar na hárdshagartuibh, agus ar na Lebhítibh, agus ar Israel uile, go ndéanaidís do réir a nfocailsi. Agus thugadar a mionna ris sin.


Do chuáidh an Tesra so súas ón Bhabilóin; agus do bhí sé na scríbhneóir abuidh a ndligheadh Maóise, noch thug an TIGHEARNA Dia Israel úadha: agus daontuigh an rígh a íarratas uile dhó, do réir láimhe a THIGHEARNA Dé air.


Sallu, Amoc, Hilciah, Iedaiah. Dob íad so togha na sagart agus a ndearbhrathar a láethibh Iessua.


Cuirid ríghthe na talmhan íad féin a cceann a chéile, agus glacaid na ríaghlóirigh comhairle, re cheile anaghaidh an TIGHEARNA, agus a naghaidh a ungthaigh, ag rádh,


Ciondus a dearthaói, Atámaóid críonna, agus atá dligheadh an TIGHEARNA aguinn? Féuch, go dearbhtha is go díomhaoin do rinne sé é; is go diomhaóin atá peann na scribhneóireadh.


Oír do budh cóir do phuisínibh an tsagairt eólus do choimhéad, agus do budh coir dhoíbhsion dligheadh díarruigh as a bhéul: óir isé sin teachtaire THIGHEARNA na slógh.


Agus a dubhairt seisean ríu, Ar a nadhbharsin gach uile sgrioba atá foghlomtha chum ná ríochachda nemhdha is cosmháil é ré fear tighe, do bheir as a chisde neither núadha agus sean.


Achd an tráth do chuálaidh an rí Ioruath sín, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris.


Agus a dubhradarsan rís, A Mbeitleem thíre Iúdaighe: óir is mar so atá sé sgriobhtha ag an bhfaigh,


Agus an tan do chonncadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe na míorbhuile do rinne sé, agus na leinibh ag éighmhe sa teampoll, agus ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí; Do ghabhadar chuca go feargach é,


Agus an tráth tháinic sé don teampoll, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsear phobuil chuige agus é ag teagasg, ag rádh ris, Créd é an tughdarrás ré a ndéanann tusa na neithesi? agus cía thug na cumhachdasa dhuit?


Ann sin do chruinnigheadar úachdaráin na sagart, agus na sgríobuidhe, agus seinnsir an phobuil, go halla a nárdshagairt, dá ngoithior, Cáiaphas.


Agus an feadh do bhí sé ag rádh ná mhríatharsa, féuch, táinic Iúdas, duine don dá fhear dhég, agus cuideachda mhór na fhochair maille lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart, agus ó shinnsearuibh an phobail.


Agus ar tteachd na maiden, do chúadar na hárdsagart, agus sinnsir an phobuil uile a ccomhuirle a naghuidh Iósa ionnas go ccuirfidis chum báis é:


Oír do thegaisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe.


Agus do thionnsgain sé a dteagasg, gur ab éigin do Mhac an duine morán dfhulang, agus a dhíultadh ó na sinnsearuibh, agus ó úachdaránuibh na sagart, agus ó na sgríobuidhibh, agus a mharbhadh, agus éirghe a rís a gcionn trí lá.


Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgriobuidhe lámha do chur annsan air a núair sin féin; achd do bhi eagla an phobuil orrtha: óir do aithneadar gur ab na naghuidh fein a dubhairt sé an chosamblachdso.


Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh casáoide air go dithchiollach.


Uime sin nuáir do ghlac Iúdas buidhean agus oifigidh ó na hárdsagurtuibh agus ó na Phairisíneachuibh, tháinig sé do ionad sin é lainndéiribh agus lé tóirsibhibh agus lé harmuibh.


Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad mháighisdir a Nisraél, agus gan a bhfios so agad?


Do chúaladar na Phairisínigh an pobal ag monbhar na neitheadhso na thimscheallsan; agus do chuireadar na Phairisínigh gus uáchdarain na sagart máoir dhá ghlacadh.


Agus tugadar na sgríobuidhe, agus na Phairisínigh bean ar a rugadh a nadhaltrannus chuige; agus ar na cur a lár,


Ar a nadhbharsin do tógbhadh gáir mhór: agus ar néirghe do na sgríobuidhibh do tháobh na Bhphairisíneach, do chathaigheadar na naghaidhsean, agus a dubhradar, Ní fhaghmáoidne olc ar bith sa nóglachsa: achd má labhair spiorad nó aingeal ris, na cathuigheamne a naghaidh Dé.


Agus tárla ar na mhárach, gur chruinnidheadar a núachdaráin, agus a sinnsir, agus a sgríobuidhe,


Agus do bhogadar an pobal, agus na sinnsir, agus na sgriobuidhe, agus ag cur chuige, rugadar air, agus tugadar leó chum na comhairle é,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí