Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Tar éis na cainte sin ó’n rí d’imthigheadar. Agus féach, an réalt a chonacadar sa domhan toir do ghluais sé rómpa go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na h-áite i n-a raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Dʼimigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus bʼshiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus nuair a chuala siad an méid sin ó’n rígh, d’imthigh siad. Agus féach, an réalt a chonnaic siad san oirthear, ghluais sé rompa go dtí gur stad sé ós cionn na h-áite ina raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Ar n‐a chlos sin dóibh ó’n righ, d’imthigheadar; agus féach, an réalta do chonnacadar sa domhan thoir, do ghluais sí rómpa go dtáinig sí ’n‐a stad ós cionn na h‐áite ’n‐a raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus ar gcuinsin an rígh dhóibh do imthigheadar; agus, féuch, an réult, do chunncadar sa náird shoir, do chuáidh sé rompa, no go dtaínic sé agus gur chomhnuigh sé ós cionn a nionuid ann a raibh an náoidheanán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Nuair a chuala siad caint an rí, dʼimigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Nuair a chuala siad caint an rí, d'imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:9
7 Tagairtí Cros  

Nuair a chonacadar an réalt do tháinig árd-áthas ortha.


Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh.


Agus do stiúruigh sé go Betlehem iad, agus dubhairt sé: Cuarduighidh go maith an mac so; agus nuair a gheobhaidh sibh tuairisg air tagaidh agus innsidh dómh-sa é, go dtéighead agus go n-adhrad é, leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí