Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 2:9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus ar gcuinsin an rígh dhóibh do imthigheadar; agus, féuch, an réult, do chunncadar sa náird shoir, do chuáidh sé rompa, no go dtaínic sé agus gur chomhnuigh sé ós cionn a nionuid ann a raibh an náoidheanán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Dʼimigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus bʼshiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus nuair a chuala siad an méid sin ó’n rígh, d’imthigh siad. Agus féach, an réalt a chonnaic siad san oirthear, ghluais sé rompa go dtí gur stad sé ós cionn na h-áite ina raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Ar n‐a chlos sin dóibh ó’n righ, d’imthigheadar; agus féach, an réalta do chonnacadar sa domhan thoir, do ghluais sí rómpa go dtáinig sí ’n‐a stad ós cionn na h‐áite ’n‐a raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Tar éis na cainte sin ó’n rí d’imthigheadar. Agus féach, an réalt a chonacadar sa domhan toir do ghluais sé rómpa go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na h-áite i n-a raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Nuair a chuala siad caint an rí, dʼimigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:9
7 Tagairtí Cros  

Cia hé an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA? múinfe sé é annsa tslighe thoighfeas sé.


Grádhuighim an mhéid ghrádhuighios mé; agus an drong íarrus mé go moch do gheabhuid mé.


Agus ar bhfaicsin na réilte dhóibh, do ghabh gáird gáirdeachus romhór iád.


Ag rádh, Ga háit iona bhfuil an Rí úd na Niúduigheadh atá ar na bhreith? óir do chunncamaírne a réalt san aire shoir, agus tangamar dá onórughadh.


Agus agá gcur go Beitleem dhó, a dubhairt sé, Imthige agus iárruigh an náoidhe go díthchiollach; agus tar eís a fhaghala dháoibh, innisigh dhamsa é, do chum go rachainnsi féin agus go dtiobhruinn onóir dhó.


Agus atá aguinn bríathar na bhfáidheadh as deimhnighe ná sin; dana maith do ní sibh aire do thabhairt, amhuil do lóchrann shoillsigheas a nionad dhorcha go soillsiughadh an láoi, agus go héirghe do réult na maiden ann bhur gcróidhthibh:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí