Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus do tugadh foláramh dóibh i dtaibhreamh gan dul thar n-ais go dtí Héród, agus chuadar bóthar eile thar n-ais chun a dtíre féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Fuair siad rabhadh i mbrionglóid gan filleadh ar Iorua, agus mar sin dʼimigh siad leo chun a dtíre féin ar shlí eile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus ó fuair siad rabhadh ina gcodladh gan dul thar ais chuig Ioruadh, phill siad bealach eile chun a dtíre féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Annsin tugadh foráileamh i n‐aisling dóibh gan filleadh ar Ioruath, agus do chuadar bóthar eile ar ais chum a dtíre féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus ar bhfagháil teaguisg ó Dhía a naisling gan casadh dionsuighe Iorúaith, do fhilleadar a slighe eile da dtir féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:12
17 Tagairtí Cros  

Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici.


Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph, ’n-a chodla, agus dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair agus imthigh go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh chun a mhairbhthe.


Tar éis bháis Héróid, ámhthach, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph i dtaibhreamh, sa n-Éigipt.


Ach d’airigh sé Archelaus a bheith ’n-a rí ar Iúdéa i n-inead a athar, Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do tugadh foláramh dó i n-a chodla, agus chuaidh sé i gcríochaibh Ghaililí.


Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bhíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling.


Agus do tugadh foillsiú dhó ó’n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna.


Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach céad, fear atá fíoraonta úmhal do Dhia agus go bhfuil meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naomhtha ’ghá rádh leis fios a chur ortsa chun a thíghe agus éisteacht le cainnt uait.


Ansan do freagair Peadar agus Eóin agus dubhradar: Breithnighidh féin cia’cu is ceart i láthair Dé, rud a dhéanamh, oraibhre ’nú rud a déanamh ar Dhia:


Agus d’fhreagair Peadar agus na h-Aspoil agus dubhradar: Is cirte rud a dhéanamh ar Dhia ’ná an dhaoinibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí