Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph, ’n-a chodla, agus dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair agus imthigh go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh chun a mhairbhthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Nuair a bhí siadsan ar shiúl, bʼshiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Nuair a bhí siad-san ar shiubhal, féach, thaisbeán aingeal an Tighearna é féin i n-aisling do Ióseph, agus dubhairt: Éirigh agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus teich chun na h-Éigipte; agus fan annsin go dtí go n-innsidh mise duit. Óir is amhlaidh a bhéas Ioruadh ar lorg an leinbh chun é chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Nuair do bhíodar imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh agus a mháthair agus éaluigh do’n Éigipt, agus fan annsin go labhrad leat; óir béidh Ioruath ar lorg an leinbh chum a mhillte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus ar nimtheachd air a nais doibh, feach, do toibhreadh aingeal an Tighearna a mbrionglóid do Ióseph, ag radh, Eirigh agus gabh anáoidheanán agus a mhathair chugad, agus teith do Néigipt, agus bi ann sin no go Iabhruidh misi riot: óir íarrfuidh Iorúaith an náoidhe do chum a mhillte.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n-insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:13
29 Tagairtí Cros  

Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici.


Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.


Agus do tugadh foláramh dóibh i dtaibhreamh gan dul thar n-ais go dtí Héród, agus chuadar bóthar eile thar n-ais chun a dtíre féin.


D’eirigh seisean, agus thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaidh sé sa n-Éigipt;


Ansan, nuair a chonaic Héród gur mheall na draoithe é, tháinig fearg ana-mhór air agus chuir sé amach a lucht airm agus mhairbh sé a raibh de mhacaibh dá bhlian, nó fé n-a bhun, i mBetlehem agus ins na triúchaibh go léir a bhain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amach ó chaint na ndraoithe.


Ach d’airigh sé Archelaus a bheith ’n-a rí ar Iúdéa i n-inead a athar, Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do tugadh foláramh dó i n-a chodla, agus chuaidh sé i gcríochaibh Ghaililí.


Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach céad, fear atá fíoraonta úmhal do Dhia agus go bhfuil meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naomhtha ’ghá rádh leis fios a chur ortsa chun a thíghe agus éisteacht le cainnt uait.


Agus nuair a d’imthigh an t-aingeal, a bhí ag cainnt leis, do ghlaoidh sé chuige beirt d’á theaghlach féin agus fear airm n-a raibh eagla an Tighearna air, daoine a bhí úmhal dó.


Ansan do tháinig Peadar chuige féin agus dubhairt sé: Tá fhios agam anois go fíor gur b’é an Tighearna do chuir a aingeal chugham ’am fhuasgailt a’ láimh Héróid agus ó gach nídh ’na bhfuil an pobhul Iúdach ag súil leis.


Agus féach, do sheasaimh aingeal ó’n d-Tighearna i n-aice leis, agus do las solus sa tseómra, agus do bhuail an t-aingeal sa chliathán é agus dhúisgh sé é, agus dubhairt sé: Éirigh d’urchar! Agus do thuit na slabhraí d’á lámhaibh.


D’innis fear cimeádta an phríosúin an chainnt sin do Phól: Chuir na giúistísí órdú sibh do sgaoile chun siúbhail; anois, dá bhrígh sin téighidh amach agus imthighidh i síothcháin.


Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n-oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé:


Dhein sé sin feall ar ár gcine agus chuir sé cruadhtar an ár n-aithreachaibh, go gcaithidís a gclann óg do chur uatha amach i dtreó ná mairfidís.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí