Matha 2:13 - An Bíobla Naofa 198113 Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)13 Nuair a bhí siadsan ar shiúl, bʼshiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara13 Nuair a bhí siad-san ar shiubhal, féach, thaisbeán aingeal an Tighearna é féin i n-aisling do Ióseph, agus dubhairt: Éirigh agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus teich chun na h-Éigipte; agus fan annsin go dtí go n-innsidh mise duit. Óir is amhlaidh a bhéas Ioruadh ar lorg an leinbh chun é chur chun báis. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)13 Nuair do bhíodar imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh agus a mháthair agus éaluigh do’n Éigipt, agus fan annsin go labhrad leat; óir béidh Ioruath ar lorg an leinbh chum a mhillte. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)13 Agus ar nimtheachd air a nais doibh, feach, do toibhreadh aingeal an Tighearna a mbrionglóid do Ióseph, ag radh, Eirigh agus gabh anáoidheanán agus a mhathair chugad, agus teith do Néigipt, agus bi ann sin no go Iabhruidh misi riot: óir íarrfuidh Iorúaith an náoidhe do chum a mhillte. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)13 Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph, ’n-a chodla, agus dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair agus imthigh go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh chun a mhairbhthe. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201213 Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n-insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.” Féach an chaibidil |
Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d'fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó.