Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Anois nuair a tháinig Íosa ar an saol i mBétlehem in Iúdaea i laethanta an rí Iorua, bʼshiúd draoithe ón Domhan Thoir a tháinig go hIarúsailéim agus iad ag fiafraí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Annsin nuair a rugadh Íosa i mBeithil Iúda le linn Ioruaidh, rí, féach, tháinic draoithe as an oirthear go h-Ierusalem,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus an tan do rugadh Iósa a Mbetleem thíre Iúdaighe a laithibh Iorúaith an rí, féuch, tangadar dráoithe ó naird shoir Híarusalem,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:1
25 Tagairtí Cros  

Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air.


Ansan, nuair a chonaic Héród gur mheall na draoithe é, tháinig fearg ana-mhór air agus chuir sé amach a lucht airm agus mhairbh sé a raibh de mhacaibh dá bhlian, nó fé n-a bhun, i mBetlehem agus ins na triúchaibh go léir a bhain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amach ó chaint na ndraoithe.


Tar éis bháis Héróid, ámhthach, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph i dtaibhreamh, sa n-Éigipt.


Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith.


Agus dubhradar-san leis: I mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríobhtha ag an bhfáidh:


Ansan do ghlaoidh Héród na draoithe chuige, a gan fhios, agus fuair sé amach uatha go cruinn an t-am i n-ar taisbeánadh an réalt dóibh.


Do bhí, i n-aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áirithe dar bh’ainim Sacarias, d’uanuigheacht Abia, agus de shliocht Aaron ab eadh a bhean, agus Elisabet ab ainim di.


mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, ’sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid.


Agus do thárla, nuair a d’imthigh na h-aingil uatha suas ins na flathais, gur labhair na h-aodhairí le n-a chéile: Téighmís go Betlehem agus feicimís an briathar so do thárla ann, agus a thaisbeáin Dia dhúinn.


Ná deir an Sgríbhinn gur de shíol Dáibhid, agus ó bhaile Bhetleheim, mar a raibh Dáibhid, atá Críost ag teacht?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí