Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 2:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus an tan do rugadh Iósa a Mbetleem thíre Iúdaighe a laithibh Iorúaith an rí, féuch, tangadar dráoithe ó naird shoir Híarusalem,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Anois nuair a tháinig Íosa ar an saol i mBétlehem in Iúdaea i laethanta an rí Iorua, bʼshiúd draoithe ón Domhan Thoir a tháinig go hIarúsailéim agus iad ag fiafraí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Annsin nuair a rugadh Íosa i mBeithil Iúda le linn Ioruaidh, rí, féach, tháinic draoithe as an oirthear go h-Ierusalem,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:1
25 Tagairtí Cros  

Agus do bhí a náitreabh ó Mhesa, mar théid tú go Sephar, sliabh don táoibh shoir.


Agus do chloinn na leannán, do bhí ag Abraham, tug Abraham tiodhlaicthe, agus do chuir sé air siubhal íad ó na mhac Isaac, (an fad do bhí fós béo) soirin, don tír shoir.


Agus tárla air maidin go raibh a spiorad buaidheartha; agus do chuir fios, agus do ghoir ar dhráoithibh na Hégipte uile, agus ar a dhaóinibh críonna: agus do innis Phárao a aisling dhóibh; ach níor fríth áonduine do inneosadh a ccíall do Phárao.


Ní dheileochuidh an tslat rogha ré Iudah, nó dlighthabhairthoir ó bheith eidir a chosuibh, nó go ttiucfa Síloh; agus is chuigesion bhías cruinniughadh na ndaóine.


Agus do sháruigh gliocus Sholuimh críonnachd chloinne a noirthir uile, agus gliocus na Hégipte uile.


Salma athair Bhet‐lehem, Hareph athair Bhet‐gader.


Do bí a mhaóin mar an ccéadna seacht míle cáora, agus trí mhíle cámhall, agus cúig chéad cúpla damh, agus cúig chead assal bainionn, agus teaghlach romhór; iondus gur bhé an fearso duine budh mó don taóibh shoir uile.


¶ Agus annsa ló sin biáidh fréumh Iesse, noch sheasfas mar bhratuigh don phobal; is chuige íarrfuid na geintidhe; agus biáidh a suaimhneas glórmhar.


Acht thusa, a Bhet‐lehem Ephrátah, bíodh gur beag thú a measg mhílteadh Iúdah, gidheadh tiucfaidh asad amach chugamsa úachdarán bhias ar Israel; a raibh a dhul amach ó a nallód, ó laéthibh ná síorruidheachda.


Agus nior aithin sé í no go rug sí a céudmhac: agus tug sé Iosa dainm air.


Ann sín an tan do chonnairc Iorúaith, go ndearnadar na dráoithe fonómhad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úadh, do mharbh sé a raibh do leanbaibh-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaibh uile, ó áois dhá mblíadhan nó fáoi, do reír na haimsire dfoghluim sé go dithchiollach ó na dráoithibh.


Agus an tan fúair Iorúaith bás, féuch, do toibhreadh aingeall an Tighearna a mbriónglóid do Ióseph sa Néigipt.


Achd an tráth do chuálaidh an rí Ioruath sín, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris.


Agus a dubhradarsan rís, A Mbeitleem thíre Iúdaighe: óir is mar so atá sé sgriobhtha ag an bhfaigh,


Agus an sinn do ghoir Iorúaith, na dráoithe ós íseal chuige, agus do fhíafruigh sé dhíobh go rougher cía a naimsear ionar foillsigheadh an réult.


Re linn Iorúaith, rí thire Iúdaighe, do bhí sagart airighe dár bhainm Sacharías, do sheal Abía: agus a bhean dingheanuibh Aaróin, agus, Elísabet do baimn dhi.


Oír rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a gcathruigh Dháibhí.


Agus tárla, mar do imthigheadar na haingil úatha ar neamh, go ndubhradar na háodhairidhe ré chéile, Imthigheam anois don Bhetléem, agus féucham an ní so do rinneadh, noch do fhoillsigh an Tighearna dhúinn.


An né nach dubhairt an sgriobtúir Go dtiocfadh Críosd do shíol Dháibhi, agus as Betelém an baile an a raibh Dáibhi?


¶ Agus do bhí óganach as Betlehem‐Iúdah do threibh Iudah, noch do bhí na Lebhíteach, agus do bhí ar cuáirt ann sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí