Matha 21:15 - An Bíobla Naofa 198115 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)15 Ach nuair a chonaic na hardsagairt agus na scríobhaithe na hiontais a bhí á ndéanamh aige, agus na leanaí ag glaoch, “Hósanna do Mhac Dháibhí,” os ard sa teampall bhí fearg orthu; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara15 Agus nuair a chonnaic uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe na h-iongantaisí a rinne sé, agus na páistí ag glaodhach san teampall, agus ag rádh: Hosanna do Mhac Dháibhidh: bhí fearg ortha, Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)15 Acht nuair do chonnaic uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe na rudaí éachtacha do‐rinne sé, agus na leanbhaí do bhí ag glaodhach ós árd sa teampall, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; tháinig fearg ortha, agus adubhradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)15 Agus an tan do chonncadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe na míorbhuile do rinne sé, agus na leinibh ag éighmhe sa teampoll, agus ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí; Do ghabhadar chuca go feargach é, Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)15 Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h-iongnaí a dhein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201215 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall. Féach an chaibidil |