Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Acht nuair do chonnaic uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe na rudaí éachtacha do‐rinne sé, agus na leanbhaí do bhí ag glaodhach ós árd sa teampall, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; tháinig fearg ortha, agus adubhradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Ach nuair a chonaic na hardsagairt agus na scríobhaithe na hiontais a bhí á ndéanamh aige, agus na leanaí ag glaoch, “Hósanna do Mhac Dháibhí,” os ard sa teampall bhí fearg orthu;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus nuair a chonnaic uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe na h-iongantaisí a rinne sé, agus na páistí ag glaodhach san teampall, agus ag rádh: Hosanna do Mhac Dháibhidh: bhí fearg ortha,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus an tan do chonncadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe na míorbhuile do rinne sé, agus na leinibh ag éighmhe sa teampoll, agus ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí; Do ghabhadar chuca go feargach é,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h-iongnaí a dhein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:15
20 Tagairtí Cros  

Agus nuair do‐chuala an deichneabhar é, d’éirigh siad mí‐shásta go mór leis an mbeirt dearbhráthar.


Agus nuair tháinig sé isteach sa teampall, tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige, agus é ag teagasc, agus adubhradar, Créad é an t‐ughdarás atá agat‐sa chum na neithe seo do dhéanamh? agus cia thug an t‐ughdarás sin duit?


Agus na sluaighte do bhí ar tosach roimhe, agus siad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, do tógadar gáir, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna; Hósanná ins na h‐áiteannaibh is aoirde!


Cad é bhúr dtuairim de’n Chríost? cia dar ab mac é?


Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas;


Agus do bhí uachtaráin na sagart agus an árd‐chómhairle uile ag iarraidh fiadhnaise bhréige d’fhágháil i n‐aghaidh Íosa, go ndaorfaidís chum báis é;


Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é:


Do spreag uachtaráin ná sagart agus na seanóirí an sluagh, ámh, chum Barabbas d’iarraidh, agus chum Íosa do chur chum báis.


Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi.


Agus do‐chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe é, agus do bhíodar ag iarraidh caoi d’fhágháil le n‐a mhilleadh: óir do bhí eagla ortha roimhe, de bhrigh go ndearna an sluagh uile iongnadh d’á theagasc.


Agus tharla, lá amháin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, go dtáinig chuige uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe i n‐éinfheacht leis na seanóiribh;


Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag iarraidh cionnas chuirfidís chum báis é; óir do bhí eagla na ndaoine ortha.


Agus nuair tháinig an lá, do chruinnigh seanóirí an phobail le chéile, idir uachtaránaibh na sagart agus na scríobhaidhthibh; agus thugadar eisean isteach ’n‐a n‐árd‐chómhairle,


Agus do bhí órdú tugtha ag uachtaránaibh na sagart agus ag na Fairisíneachaibh, dá mb’ eol d’aoinneach cá raibh sé, a innsin, go ngabhfaidís é.


Adubhairt na Fairisínigh, d’á bhrigh sin, eadortha féin, Do‐chí sibh nach bhfuil ag éirghe libh ar chor ar bith: féach, atá an saoghal go léir imthighthe ’n‐a dhiaidh.


Agus nuair do bhí a fhios ag an Tighearna go gcuala na Fairisínigh go raibh deisceabail d’á ndéanamh agus d’á mbaisteadh aige de bhreis ar Eoin


Nach ndubhairt an scrioptúir gur de shíol Dáibhí, agus ó Bheithil, baile Dháibhi, atá an Críost le teacht?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí