Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus adubhairt Íosa leo, Do‐chluinim: nár léigheabhar riamh, As béal leanbh agus naoidheanán cíche fuarais moladh iomlán?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 agus dʼfhiafraigh siad de, “An gcluineann tú cad é atá siad seo á rá?” Agus dúirt Íosa leo, “Cluinim; nár léigh sibh riamh, ‘Is as béal na naíonán agus na leanaí diúil a thug tú fíormholadh?’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus dubhairt siad leis: An gcluin tú cad é tá siad seo a rádh? Acht dubhairt Íosa leo: Cluinim; an é nár léigh sibh aramh: As béal leanbhán agus naoidheanán cíche d’iomlánuigh tú moladh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus a dubhradar ris, An gluin tú créd a deirid an mhuinntirso? Agus a deir Iósa ríu, Do chluinim; a né nar léaghabhair, As béul leanabh agus náoidheanán cíche do chriochnuigh tú moládh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá dá rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:16
11 Tagairtí Cros  

Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad:


Acht adubhairt seisean leo, An é nár léigheabhar créad do‐rinne Dáibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair;


Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, An é nár léigheabhar, an té do chruthuigh na daoine ó thús, gur chruthuigh sé fireann agus baineann iad, agus go ndubhairt sé,


Acht i dtaobh aiséirighthe na marbh, nár léigheabhar a ndubhairt Dia libh,


Agus is mairg do na mnáibh torrcha, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch ins na laethibh sin.


Agus adubhairt seisean leo, An é nár léigheabhar riamh an nidh do rinne Dáibhi, nuair do bhí gábhatar air, toisc go raibh ocras air féin agus ortha‐san do bhí i n‐éinfheacht leis?


Is mairg dóibh‐sean atá torrach, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch, an t‐am sin! óir béidh cruadhtan an‐mhór ar an dúthaigh, agus béidh fearg chum na ndaoine seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí