Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 4:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Lá arna mhárach cruinníodh le chéile in Iarúsailéim a rialtóirí agus a seanóirí agus a scríobhaithe,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus lá ar n-a bhárach thárla go dtáinic i gcionn a chéile i n-Ierusalem, a n-uachtaráin, agus a seanóirí, agus a Scríobhaidhthe:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus tharla lá ar n‐a bhárach, gur chruinnigh a n‐uachtaráin agus a seanóirí agus a scríobhaidhthe le chéile i nIarúsalem;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus tárla ar na mhárach, gur chruinnidheadar a núachdaráin, agus a sinnsir, agus a sgríobuidhe,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus do thárla ar maidin lár n-a mháireach gur chruinnigh a n-uachtaráin agus a seanóirí agus a sgribhneóirí i n-Ierúsalem,

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 4:5
12 Tagairtí Cros  

Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá!


Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.


Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe - an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phioláit.


Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí,


Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile - uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n‑ardchomhairle é.


Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile


mar a thug ár n‑ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é.


Ansin d'fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí,


Ach d'éirigh duine acu ina sheasamh sa tsainidrín, Fairisíneach darbh ainm Gamailíéil, máistir dlí a raibh meas ag an bpobal go léir air, agus d'iarr sé na fir a chur taobh amuigh den doras ar feadh tamaill.


Ghríosaigh siad an pobal agus na seanóirí agus na scríobhaithe; ansin rith siad faoina dhéin, ghreamaigh eatarthu é agus sheol chun na sainidríne é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí