Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 8:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Thug na scríobhaithe agus na Fairiséigh leo bean ar rugadh uirthi i n‑adhaltranas, agus chuir siad í i gceartlár an chruinnithe

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus bheir na Scríobhaidhthe agus na Fairisínigh bean chuige a fuarthas ag déanamh adhaltranais: agus chuir siad ina seasamh i lár báire í,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus thug na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh leo bean go rugadh uirthi i n‐adhaltranas; agus ar n‐a cur ’n‐a seasamh i láthair,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus tugadar na sgríobuidhe, agus na Phairisínigh bean ar a rugadh a nadhaltrannus chuige; agus ar na cur a lár,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus thug na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh leó bean gur rugadh uirthi i n-adhaltranas, agus chuireadar ’n-a seasamh i láthair í,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 8:3
10 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh mé an breithiúnas ort a thugtar ar mhná a bhriseann cuing phósta agus a dhoirteann fuil, agus doirtfidh mé d'fhuil féin go héadmhar feargach.


Ach daorfaidh na fíréin iad mar bhanadhaltranaigh agus mar bhanmharfóirí, de bhrí gur banadhaltranaigh iad agus go bhfuil fuil ar a lámha.”


An dream a rug air ag bailiú brosna, thugadar leo é os comhair Mhaois agus Árón agus an chomhthionóil go léir.


Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d'fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.


Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.


“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais.


Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.


Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth.


Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t‑ainm lena ndearna sibh an ní seo?”


Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí