Lúcás 12:20 - An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt Dia leis, ‘A amadáin, anocht féin a iarrfar dʼanam ort; agus na nithe seo atá ullmhaithe agat, cé leis a mbeidh siad?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt Dia leis: A amadáin, anocht féin táthar ag iarraidh d’anama ort; agus cé aige a mbéidh na neithe a sholáthruigh tú? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt Dia leis, A dhuine gan chéill, éileochar t’anam ort anocht féin; agus cia aige go mbéidh gach a bhfuil curtha le chéile agat? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Diá ris, A amadáin, a nochd féin iárfaid síad hanam ort: agus cia bhus leis na neithe so, do sholáthair tú? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun dʼanam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’ |
Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála
Féach mar a thit siad le halt na haon uaire; chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.
Ní bhíonn an rath ar mhaoin mhíchnuasta; ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.
Ligeann fear gan mhaoin air a bheith saibhir, agus ligeann fear eile lena lán maoine air a bheith dealbh.
Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach, mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.
An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.
“Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”
Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”
Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár; “Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?” a deir sibh.
A dhaoine gan chiall, nach é an Té a rinne an taobh amuigh a rinne an taobh istigh freisin?
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.
Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.