Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 78 - An Bíobla Naofa 1981


Dilghrá Dé agus Diomaíochas an Duine
1 Mascil Ásáf.

1 Mascil Ásáf. 1 Éist, a phobal, le mo theagasc; claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.

2 Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidí agus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire.

3 Na nithe ba chlos dúinn agus ab eol dúinn féin, a d'inis ár n‑aithreacha dúinn,

4 nach cóir iad a cheilt ar a sliocht ach a insint don ghlúin atá le teacht - Móréachtaí an Tiarna agus a chumhacht agus na míorúiltí móra a rinne sé

5 nuair a d'eisigh sé reachtanna do Iacób, nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael. D'ordaigh sé mar aithne dár n‑aithreacha an dlí seo a mhúineadh dá gclann

6 ionas go mb'eol don chéad ghlúin eile é, agus don dream nár saolaíodh fós, agus go n‑inseoidís siúd dá gclann féin é

7 ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia, gan oibreacha Dé a dhearmad ach a aitheanta a choimeád de shíor,

8 sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompu ina nglúin easumhal ceanndána; glúin gan seasmhacht ina gcroí nach raibh dílis do Dhia ina meanma.

9 Bhí clann Eafráim gléasta leis an mbogha ach thugadar dá mboinn é lá an chatha.

10 Níor choinnigh siad a gconradh le Dia níorbh áil leo siúl de réir a dhlí.

11 Rinne siad dearmad ar a ndearna sé agus ar na hiontais a nocht sé dóibh.

12 Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinsear i dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.

13 Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad; chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.

14 Threoraigh sé le néal iad de lá agus le tine i gcaitheamh na hoíche.

15 Scoilt sé na carraigeacha san fhásach, mhúch sé a dtart le flúirse uisce

16 nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraig is gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte.

17 Ach lean siad leo ag peacú ina éadan; thug siad dúshlán an Té is Airde san fhásach;

18 chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí; d'iarr siad bia air d'fhonn a mianta a shásamh.

19 Labhraíodar in aghaidh Dé, á rá: “An dtig le Dia bord a ghléasadh san fhásach?

20 Is fíor nuair a bhuail sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte; ach an féidir dó arán a thabhairt dúinn nó feoil a sholáthar dá phobal?”

21 Arna chlos sin don Tiarna ghabh fearg é agus fadaíodh tine in aghaidh Iacóib. Líon sé le fearg in aghaidh Iosrael

22 de bhrí nár chreid siad i nDia agus nár chuir siad a ndóchas ina chúnamh.

23 D'aithin sé do néalta neimhe agus d'oscail sé doirse na spéire;

24 d'fhear sé anuas orthu manna le hithe agus bhronn sé bia ó neamh orthu.

25 D'ith an duine arán na n‑aingeal óir thug sé flúirse bia dóibh.

26 Chuir sé an ghaoth anoir ó neamh chucu agus mhúscail an ghaoth aneas lena chumhacht.

27 D'fhear sé orthu feoil mar dheannach agus éanlaith mar ghaineamh na trá.

28 Lig sé anuas i lár a gcampa iad ar gach taobh thart timpeall a mbothanna.

29 D'itheadar a sáith, dá bhrí sin, óir thug sé dóibh gach a raibh uathu.

30 Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibh agus an bia ina mbéal go fóill

31 nuair a d'éirigh fraoch Dé ina n‑éadan, is gur leag sé ar lár a dtréanfhir, is gur threascair sé fíorscoth Iosrael.

32 Dá ainneoin sin uile pheacaigh siad agus níor chreid siad a éachtaí iontacha

33 gurb uime a scrios sé a laethanta agus a chuir deireadh lena ré go tobann.

34 Nuair a thugadh sé a n‑ár bhídís á lorg ag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht.

35 Chuimhnídís gurbh é Dia a gcarraig ‘s gurbh é an Dia is Airde a d'fhuascail iad.

36 Ní bhídís ach á bhladaráil lena mbéal agus ag insint bréag lena dteanga,

37 óir ní raibh siad dílis ó chroí dó ná ní dhearna siad a chonradh a chomhlíonadh.

38 Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu.

39 Ba cuimhin leis nach raibh iontu ach daoine; anáil a ghabhann seacha gan casadh.

40 Nach minic a bhí siad easumhal dó san fhásach, go ndearna siad a chrá san uaigneas.

41 Chuir siad cathú ar Dhia arís eile agus chiap Neach Naofa Iosrael.

42 Níor chuimhin leo feasta a ghníomhartha ná an lá a shaor sé óna naimhde iad,

43 nuair a d'oibrigh sé a éachtaí, san Éigipt, a mhíorúiltí ar mhachaire Zoan;

44 nuair a rinne sé fuil dá n‑aibhneacha ionas nach bhféadfaidís an t‑uisce a ól.

45 Chuir sé cuileoga chucu a d'alp iad, agus froganna ina scaotha á milleadh.

46 Thug sé a bhfómhar don chruimh, agus toradh a saothair don lócaiste.

47 Mhill sé a bhfíniúna le clocha sneachta agus mhill a gcrainn bhána leis an sioc.

48 Bhuail sé a n‑airnéis le clocha sneachta agus a gcaoirigh le caora tine.

49 Lig sé amach orthu racht a fheirge, a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa; slua de thimirí na tubaiste,

50 go ndearna sé slí dá dhíbheirg. Níor scaoil sé saor ón mbás iad ach rinne sé a mbualadh leis an bplá.

51 Bhuail sé gach céadghin san Éigipt; céadthoradh a nirt i gcampa Hám.

52 Sheol sé a phobal mar chaoirigh, rinne a dtreorú mar thréad san fhásach.

53 Sheol sé slan iad gan eagla gur bádh a naimhde san fharraige.

54 Sheol sé isteach ina thír naofa iad chun an tsléibhe a bhuaigh a dheaslámh féin.

55 Chaith sé na ciníocha rompu amach, agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu; thug sé ar threibheanna Iosrael baint fúthu ina mbothanna siúd.

56 Dá ainneoin sin uile thriail agus shaighdigh siad an Dia is Airde, agus dhiúltaigh dá aitheanta.

57 Thug siad droim láimhe leis mar a rinne a n‑aithreacha; ba chosúil iad le bogha ar fiar.

58 Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite.

59 Chuala Dia agus d'éirigh chun feirge, gur dhiúltaigh go hiomlán d'Iosrael.

60 Thréig sé a phailliún i Sileo mar a raibh cónaí air i measc na ndaoine.

61 Thug sé a neart i ndaorbhroid agus a dtaibhse i láimh a naimhde.

62 Thug sé a phobal féin don chlaíomh le teann feirge in aghaidh a oidhreachta.

63 Dódh a n‑ógánaigh ina mbeatha; níor chuala a maighdeana laoi na bainise;

64 Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh; agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.

65 Is ansin a dhúisigh an Tiarna mar dhuine a dhúisíonn as a chodladh, mar ghaiscíoch a bheadh ar meisce de dheasca fíona.

66 Bhuail sé a naimhde i ndiaidh a gcúil agus d'fhág sé faoi náire go deo iad.

67 Dhiúltaigh sé do bhoth Iósaef agus ní dhearna sé rogha de threibh Eafráim.

68 Ach rinne sé rogha de threibh Iúdá; Sliabh Shíón dár thug sé grá.

69 Thóg sé a scrín i gcosúlacht neimhe; mar an talamh a bhunaigh sé go brách.

70 Agus thogh sé Dáiví a ghiolla; á thabhairt ó chróite na gcaorach.

71 Thug sé ó chúram na gcaorach é a dhéanamh aoireacht a phobail, Iacób, agus Iosrael, a oidhreacht féin.

72 Bheathaigh sé le croí gan cháim iad, agus threoraigh iad go ciallmhar críonna.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí