Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 78:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Mascil Ásáf. 1 Éist, a phobal, le mo theagasc; claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

1 Éistigí le mo dhlí, a phobail liom: claonaigí bhur gcluasa do bhriathra mo bhéil.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

1 Lém’ reacht, mo phobal, éistigh‐se, A’s cluinidhe guth mo bhéil;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Tugaidh, ó mo phobal, éisteacht dom dhligheadh: cláonuidh bhur cclúas chum bríathar mo bhéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Mascil Ásáf. Éist, a phobal, le mo theagasc; claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 78:1
12 Tagairtí Cros  

Salm Ásáf. 1 Labhair an Tiarna - is é Dia na ndéithe é - agus ghair sé chuige an chruinne.


“Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé, tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael; óir is mise is Dia ann - do Dhiasa.


Nigh go huile mé ó mo chion, agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.


Mascil Ásáf. 1 Cad fáth ar chaith tú uait go brách sinn, a Dhia? Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce?


Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.


Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.


Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.


A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”


Éistigí, a ríthe! Tugaigí cluas a thaoiseacha! Canfaidh mé don Tiarna, Mórfaidh mé an Tiarna, Dia Iosrael.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí