Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Seanfhocal 28 - An Bíobla Naofa 1981

1 Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon.

2 Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí; ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.

3 An bochtán a luíonn ar na bochtáin, is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n‑ithe.

4 Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh; ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.

5 Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann, ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.

6 Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht, ná fear saibhir na mbealaí claon.

7 Mac gaoismhear a choimeádann an dlí, ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.

8 An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.

9 An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.

10 An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilc titfidh sé isteach ina chuithe féin. Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais.

11 Is críonna é an saibhir, dar leis féin, ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.

12 Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir; nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach.

13 Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

14 Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí, ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.

15 Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach, drochrialtóir ar phobal bocht.

16 An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é; an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.

17 An té ar a bhfuil fuil duine eile, beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.

18 Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.

19 Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún, ach raidhse bochtaine ag an té a leanann beartais bhaotha.

20 Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic, ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.

21 Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine; ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.

22 An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas; ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.

23 An té a cheartaíonn duine eile gheobhaidh sé níos mó fabhair ar deireadh ná fear an bhladair.

24 An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir: “Ní aon éagóir é sin!” is comrádaí do bhithiúnach é.

25 Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.

26 An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é; ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt.

27 An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche; ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.

28 Nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach, ach nuair a théann siad ar ceal, téann breis ar na fíréin.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí