Amos 6 - An Bíobla Naofa 19811 Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón, agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire, móruaisle scoth cine na gciníocha ar a mbíonn triall theach Iosrael. 2 Téigí go Calna agus féachaigí, ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór, agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh; an fearr iadsan ná na ríochtaí seo? nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse? 3 Sibhse a mheasann an drochlá a chur ar cairde, is ag luathú réim an uafáis chugaibh féin atá sibh! 4 [Is mairg] dá luíonn ar leapacha eabhair, a shíneann iad féin ar tholga; a chothaíonn iad féin ar uain an tréada, agus ar na gamhna as na stalla; 5 a chanann baothamhráin le fuaim na cruite, a chumann (ar nós Dháiví) nuaghléasanna ceoil; 6 a ólann fíon i gcoirn agus a ungann iad féin leis na holaí is tofa; ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef. 7 Beidh siad, dá bhrí sin, ar an gcéad dream ar deoraíocht; agus an mhuintir sínte ar tholga beidh deireadh lena ragairne. 8 Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti. 9 Agus má fhanann deichniúr fear in aon teach gheobhaidh siad bás. 10 An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: “An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?” Freagróidh seisean: “Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.” 11 Óir, féach, ordaíonn an Tiarna féin é; buaileann sé agus déantar smionagar den teach mór agus titeann an teach beag as a chéile. 12 An ritheann capaill ar charraigeacha? An dtreabhtar an fharraige le daimh? le go ndéanfadh sibh nimh den cheart agus mormónta de thoradh an ionracais. 13 Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár; “Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?” a deir sibh. 14 Ach, féach, a theach Iosrael, a deir an Tiarna, Dia na Slua, gríosfaidh mé cine in bhur gcoinne, cine a chiapfaidh sibh isteach ó bhéal Hamát ó dheas go sileán an Arabá. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart