Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 6:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Beidh siad, dá bhrí sin, ar an gcéad dream ar deoraíocht; agus an mhuintir sínte ar tholga beidh deireadh lena ragairne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 ¶ Anois uimesin rachfuid síad a mbraighdionas leis an ccéaddroing rachfus a láimh, agus áithreochtar fleadh na droinge do shín íad féin.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 6:7
17 Tagairtí Cros  

Tá mearbhall ar mo chroí; tá scaoll orm de bharr an chreatha; an clapsholas a raibh mé ag dréim leis, is cúis chearthaí dom é.


Tá deireadh le meadhar na mbodhrán, agus críoch le callán lucht gairdis; tá deireadh le meadhar na gcláirseach.


Amach a rachaidh sibh tríd na bearnaí, gach bean agaibh caol díreach amach agus ruaigfear sibh fhad le Harmón, a deir an Tiarna.


Uime sin seolfaidh mé ar deoraíocht sibh taobh thall den Damaisc, a deir an Tiarna, arb ainm dó Dia na Slua.


ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.


Óir is mar seo a deir sé: ‘Tá sé i ndán do Iarobám bás a fháil leis an gclaíomh, agus do Iosrael dul ar deoraíocht i bhfad ó bhaile.’ ”


Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: “Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d'fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”


Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.


titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.


Ginfidh tú mic agus iníonacha, ach ní leat iad, óir rachaidh siad i mbraighdeanas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí