Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 6:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Do thug an TIGHEARNA Día é féin mar mhionnuibh, a deir an TIGHEARNA Día na slógh, Fúathuighim oirdhearcus Iácob, agus fúathuighim a pháláis: uimesin seachóduigh mé súas an chathair gun a bhfuil innte uile.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 6:8
28 Tagairtí Cros  

“Mhionnaigh mé dar mise féin - focail an Tiarna iad seo - ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac féin, dom,


Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail; ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.


Cuireann sé ciníocha faoinár smacht agus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa.


Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é, óir is liom an domhan agus a bhfuil ann.


Chuala Dia agus d'éirigh chun feirge, gur dhiúltaigh go hiomlán d'Iosrael.


Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.


Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim, do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair, agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith; is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!


Tá m'oidhreacht domsa mar bheadh leon san fhoraois; búireann sí liom go fíochmhar; mar sin, fuathaím anois í.


a deir: ‘Déanfaidh mé dom féin pálás fairsing le seomraí leathana in airde’, a ghearrann fuinneoga amach ann a chumhdaíonn sé le céadar agus a phéinteálann le flanndearg.


Ach mura n‑éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidh an pálás seo ina fhásach.


Ach éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a Ghiúdacha uile, a chónaíonn i dtír na hÉigipte: Tugaimse mionna faoi m'ainm mór a deir an Tiarna, nach n‑ainmneofar m'ainm níos mó i mbéal aon duine ar bith de Iúdá i gcríocha uile na hÉigipte; ní déarfaidh duine: Go maire an Tiarna Dia.


Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”


Is dar é féin a mhionnaigh Tiarna na Slua: Dá mba é gur líon mé thú le fir mar na lócaistí ar a líonmhaire, thógfaí ina dhiaidh sin an gháir chatha i d'aghaidhse!


D'iompair an Tiarna é féin mar namhaid; rinne sé Iosrael a mhilleadh; scartáil sé a caisleáin go léir; leag sé a dúnta daingne; mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnach a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.


‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.


Réabfaidh an claíomh roimhe trína gcathracha; scriosfaidh sé a gcuid scaothairí, agus dísceoidh sé iad mar gheall ar a ndroch-chomhairle.


Cuirfidh mé suas mo bhoth in bhur measc, agus ní bheidh an ghráin agam oraibh.


Scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n‑altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n‑íol marbh; beidh an ghráin ag m'anam oraibh.


“Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,” a deir an Tiarna, “ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.”


Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia: “Timpeallóidh an namhaid an tír, bainfidh sé do chumhacht díot agus creachfar do pháláis.”


Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht: féach, tiocfaidh na laethanta oraibh nuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí, go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh.


Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte; ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.


Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin, - is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn - beidh na corpáin gan áireamh ann agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.


Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu.


In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.


Chonaic an Tiarna é seo agus le barr feirge chaith sé uaidh a chlann mhac agus iníonacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí