Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 6:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 An ritheann capaill ar charraigeacha? An dtreabhtar an fharraige le daimh? le go ndéanfadh sibh nimh den cheart agus mormónta de thoradh an ionracais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 ¶ An riothfuid eich air an ccaruic? an ttreabhochtha aon le damhuibh? óir dfilleabhair breitheamhnus chum domblais, agus toradh a nionracuis a muinmhear:

Féach an chaibidil Cóip




Amos 6:12
17 Tagairtí Cros  

Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána; is geall le féithleog iarainn do mhuineál, agus tá clár d'éadain ina phrás.


A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.


Shaothraigh sibh an t‑olc; ba í an chlaidhreacht bhur bhfómhar, agus d'ith sibh toradh an éithigh. Ó tá muinín agat as do chumhacht féin agus as oll-líon do laochra,


Focail ar mhuin focal! mionnaí éithigh! conarthaí! agus is cuma riaradh an chirt acu nó an luifearnach nimhe a bhíonn ag borradh i gclaiseanna na ngort!


scriosfaidh mé an taoiseach óna lár agus maróidh mé gach prionsa leis, a deir an Tiarna.


“Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,” a deir an Tiarna, “ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.”


[Is mairg] dóibh siúd a dhéanann mormónta as an bhfíréantacht a chaitheann an ceart uathu ar lár;


Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.


Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí