Salm 39 - An Bíobla Naofa 1981“Grásta na Foighne in aghaidh na hÉagóra” 1 Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví. 2 Dúirt mé: “Tabharfaidh mé aire do mo shlite sula ndéana mé peaca le mo theanga. Cuirfidh mé srian le mo bhéal nuair a bheidh an t‑éagráifeach os mo choinne.” 3 Bhí mé balbh agus d'fhan mé i mo thost, bhí éad orm de dheasca a rathúnais. 4 Bhí mo chroí go te ionam istigh; las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom, agus leis sin labhair mo theanga. 5 Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil. 6 Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála 7 agus gabhann an duine seacha mar scáil. Gal gaoithe a shaibhreas go léir; ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé. 8 Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna? is ionat atá mo dhóchas ar fad. 9 Saor mé ó mo chionta go léir, ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán. 10 Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéal de bhrí gur tusa faoi deara é. 11 Tóg uaim anois do sciúirse; tá mé cloíte ag buillí do láimhe. 12 An uair a smachtaíonn tú an duine le hachasán i ngeall ar a pheaca leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis; níl in aon neach ar bith ach puth anála. 13 Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir. 14 Lig dom, go bhfaighe mé aoibhneas sula dté mé faoi dheoidh ar ceal coiteann. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart