Salm 49 - An Bíobla Naofa 1981Baois agus Beagthairbhe Shaibhreas an tSaoil Seo 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach. 2 Éistigí, a chiníocha go léir, tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne, 3 íseal agus uasal in éineacht, saibhir agus daibhir le chéile. 4 Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara; is lán mo chroí de thuiscint. 5 Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal, sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach. 6 Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall - 7 dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas agus a mhaíonn as méid a maoine? 8 Ní thig le haon duine é féin a fhuascailt ná éiric a anama a dhíol le Dia; 9 is ródhaor aige éiric a anama. 10 Ní thig leis síorbheatha a cheannach le súil nach bhfeice sé an uaigh. 11 Feiceann sé an saoi agus an daoi ar lár agus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh. 12 Tuamaí is dídean dóibh go brách, a n‑árais chónaithe ó ghlúin go chéile cé go mbíodh a n‑ainm in airde sa tír. 13 Óir ní buan é séan an duine; is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal. 14 Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe 15 mar a ndéanfaidh an bás a n‑aoireacht agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad. Imeoidh a dtaibhse ar maidin; san uaigh a bheidh a n‑áras acu feasta. 16 Ach saorfaidh Dia m'anamsa ar ifreann an uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé. 17 Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir; má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh. 18 Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis, ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis. 19 Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé - “maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht” - 20 rachaidh sé i bhfochair a shinsear nach bhfeicfidh an solas go brách. 21 Óir ní buan é séan an duine; is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart