Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí go hard ar a ainm. Foilsígí a oibreacha i measc na gciníocha!
Íseáia 12:4 - An Bíobla Naofa 1981 Déarfaidh sibh an lá sin: “Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí air ina ainm! Fógraígí a éachtaí don phobal, meabhraígí gurb oirirc dá ainm. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus annsa ló so a déarthaoi, Móluidh an TIGHEARNA, goiridh ar a ainm, foillsighidh a ghníomhartha a measg an phobail, déanaidh cuimhne gur hárduigheadh a ainm. |
Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí go hard ar a ainm. Foilsígí a oibreacha i measc na gciníocha!
Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
agus dúirt na Léivítigh Iéisiúa, Caidmíéil, Báiní, Haisibniá, Séiribiá, Hóidíá, Seabainiá agus Patachiá: “Éirígí agus beannaígí an Tiarna bhur nDia trí shaol na saol. Moladh leat, a Thiarna ár nDia, Trí shaol na saol! Moladh le d'ainm glórmhar A sháraíonn gach moladh agus móradh.
molaigí ainm an Tiarna! óir is é amháin is airde, agus sáraíonn a ainm neamh agus talamh in éineacht.
Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthu agus teannfaidh tú do bhogha ina n‑éadan.
Nuair nach beo don duine feasta beidh a shliocht ag fónamh dó ‘s ag tabhairt tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht.
Bíonn m'anam ag déanamh mórtais as an Tiarna: éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.
Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige.
Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.
Tá m'anam ina luí i measc leon a d'alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos. Is sleánna agus saigheada a bhfiacla, is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.
Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm, déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta; gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair.
Is fearr liomsa bheith i ngar do Dhia agus mo dhóchas a chur sa Tiarna, mo Dhia, ionas go n‑inseoinn d'éachtaí go léir i ndoirse iníon Shíón.
Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionat óir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.
Óir is tú an Tiarna go dearfa in ardréim os cionn na cruinne, agus os cionn na ndéithe go léir.
An Tiarna mo neart, mo dhán; eisean mo shlánú. Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é. Dia m'athar, agus móraim é!
Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.
Déarfaidh tú an lá sin: “Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá d'fhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom.
Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.
Ísleofar an t‑uabhar daonna, tabharfar béim síos do dhíomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,
Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna, agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.
A Thiarna, is tú mo Dhia; móraim thú agus ceiliúraim d'ainm; mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích, comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh, chuir go fíréanta agus go fírinneach.
Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.
Tá an Tiarna in airde, mar tá a chónaí san aird thuas; líonann sé Síón le ceart agus le cóir.
Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!
Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.
“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.
Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d'ainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”