Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Salm 21 - An Bíobla Naofa 1981


Altú Buíochais

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

2 Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna, cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh!

3 Thug tú mian a chroí go deimhin dó, is níor eitigh tú air achainíocha a bhéil.

4 Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe, agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann.

5 D'iarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol air a mhairfidh go brách ó aois go haois.

6 Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh. Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air.

7 Rinne tú ábhar beannachta go brách de; cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air.

8 Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna: toisc bhuanghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh.

9 Béarfaidh do lámh ar d'eascairde go léir: béarfaidh do dheaslámh ar an dream a thugann fuath duit.

10 Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thine an uair a thaibhseoidh do ghnúis. Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad, agus déanfaidh an tine a slogadh.

11 Scriosfaidh tú a sliocht den talamh agus a gclann as líon na ndaoine.

12 Bíodh go mbeartóidís an t‑olc i do choinne nó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,

13 Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthu agus teannfaidh tú do bhogha ina n‑éadan.

14 Éirigh, a Thiarna, i do neart: canfaimid agus ceiliúrfaimid do chumhacht.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí