Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 113 - An Bíobla Naofa 1981


Moladh le hAinm Dé

1 Alleluia. Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna; molaigí ainm an Tiarna!

2 Moladh le hainm an Tiarna i láthair na huaire agus choíche!

3 Ó éirí go luí na gréine, go raibh ainm an Tiarna á mholadh!

4 Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile, agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.

5 Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia; atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde?

6 Cromann sé ó na harda anuas chun féachaint ar neamh agus ar talamh.

7 Tógann sé an t‑íseal aníos as an deannach; ardaíonn sé den charn aoiligh an duine dealbh,

8 á chur ina shuí i bhfochair a phrionsaí, ar aon chéim le prionsaí a phobail.

9 Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh; go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí