Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 148 - An Bíobla Naofa 1981


Moladh leis an Tiarna

1 Alleluia. Molaigí an Tiarna ó na flaithis, molaigí é sna spéartha!

2 Molaigí é, a aingle Dé, Molaigí é, a shluaite go léir!

3 Molaigí é, a ghrian is a ghealach, molaigí é, a réaltaí lonracha!

4 Molaigí é, a fhlaitheasa is airde, agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas!

5 Molaidís ainm an Tiarna, le hordú uaidh a cruthaíodh iad.

6 Shocraigh sé go brách iad; thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal.

7 Molaigí an Tiarna ón talamh, a mhíolta mhóra agus a dhuibheagána go léir!

8 A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána, a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,

9 a shléibhte agus a chnoca uile, a chranna toraidh agus a chéadrasa!

10 A ainmhithe allta agus clóis, a phéisteanna agus a éanlaith an aeir!

11 A ríthe agus a náisiúna na cruinne, a fhlatha an domhain is a bhreithiúna!

12 A ógánacha agus a chailíní, a sheanóirí agus a leanaí le chéile,

13 molaigí ainm an Tiarna! óir is é amháin is airde, agus sáraíonn a ainm neamh agus talamh in éineacht.

14 D'ardaigh sé neart a phobail; bíonn a naoimh uile á mholadh; molann clann Iosrael é, an pobal atá ina fhogas. Alleluia!

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí