Salm 105 - An Bíobla Naofa 1981Dílseacht Dé dá Ghealltanais 1 Altaígí don Tiarna, glaoigí ar a ainm; foilsígí a ghníomhartha do na náisiúin. 2 Bígí ag canadh dó, déanaigí a mholadh; insígí a éachtaí go léir. 3 Déanaigí mórtas as a ainm óir is naofa é; gairdigí, a lucht iarrtha, an Tiarna. 4 Breathnaígí an Tiarna agus a chumhacht; lorgaígí a ghnúis de shíor. 5 Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé; ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil. 6 A shliocht Abrahám, a lucht fónaimh féin! a chlann Iacóib dá ndearna sé rogha! 7 Is é an Tiarna féin ár nDia a bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne. 8 Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách, ar a ghealltanas go dtí míle glúin, 9 an conradh a cheangail sé le hAbrahám, an mionn a mhionnaigh sé do Íosác. 10 Dhaingnigh sé ina reacht é do Iacób, ina chonradh d'Iosrael go brách, 11 á rá leis: “Tabharfaidh mé Canán duit, chun bheith mar oidhreacht agat féin.” 12 An uair ba thearc a líon, glac bheag díobh, ina gcoimhthígh sa tír, 13 ag imeacht ó chine go cine dóibh, is iad ag fánaíocht ó ríocht go ríocht. 14 Níor lig sé d'aon neach cos ar bolg a dhéanamh orthu; ach rinne bagairt ar ríthe ar a son. 15 “Ná leomhadh sibh baint le m'ungthaigh; ná déanaigí dochar do m'fháithe.” 16 Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin, agus gur mhill sé an t‑arán ar fad orthu, 17 is amhlaidh a bhí fear curtha rompu aige, mar a bhí, Iósaef, a díoladh i ndaorbhroid. 18 Ceanglaíodh a chosa le cuibhreacha; crioslaíodh a mhuineál le hiarann, 19 go dtí gur comhlíonadh a fháistine; is gur dhearbhaigh briathar an Tiarna é. 20 Chuir an rí dá fhios agus d'fhuascail é; rinne taoiseach na gciníocha é a shaoradh. 21 Cheap sé ina thiarna ar a theaghlach é, ina mhaor ar a mhaoin go léir, 22 d'fhonn a mhaithe a mhúineadh mar ba mhian leis, agus saoithe a dhéanamh dá sheanóirí. 23 Tháinig Iosrael isteach san Éigipt dá éis sin; agus bhain Iacób faoi i dtír Hám. 24 Mhéadaigh sé a phobal go mór, go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad. 25 D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal, agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh. 26 Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu, agus Árón, an duine a roghnaigh sé. 27 D'oibrigh siad a chomharthaí ina measc, agus a iontais i bhfearann Hám. 28 Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé, ach níor thug siad aird ar a bhriathar. 29 Rinne sé fuil dá n‑uiscí i dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc. 30 Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna, fiú amháin i seomraí a ríthe. 31 Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga, agus de mhíolta ar fud na tíre. 32 Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne; agus tine chraosach trína gcríocha go léir. 33 Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí; agus threascair sé crainn uile a gcríocha. 34 Labhair sé agus tháinig na lócaistí, agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh. 35 Shlog siad a raibh de luibheanna sa tír, agus d'ith siad toradh a dtalaimh. 36 Bhuail sé gach céadghin ina bhfearann, céadtoradh a nirt go léir. 37 Sheol sé amach iad le hór is le hairgead, gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna. 38 Bhí áthas ar na hÉigiptigh nuair a d'imigh siad óir bhí uamhan agus eagla orthu rompu. 39 Leath sé néal ina dtimpeall á gclúdach, agus tine a thug solas dóibh san oíche. 40 Chuir sé gearra goirt chucu ar a n‑iarratas; agus líon sé le bia ó neamh iad. 41 Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina shlaoda; agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach. 42 Óir ba chuimhin leis a bhriathar naofa a thug sé d'Abrahám, a ghiolla. 43 Agus sheol sé a phobal amach le gairdeas; agus a mhuintir thofa le gártha áthais. 44 Agus thug sé dóibh críocha na gciníocha; agus ghabh siad a raibh saothraithe ag na náisiúin, 45 i dtreo go gcoimeádaidís a reachtanna; agus go gcomhlíonaidís a dhlíthe. Alleluia. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart