Salm 96 - An Bíobla Naofa 1981Amhrán Nua do Rí na Cruinne 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna; canaigí don Tiarna, a thíortha go léir. 2 Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm; fógraígí a shlánú ó lá go lá. 3 Insígí a ghlóir i measc na gciníocha; agus a éachtaí i measc na náisiún. 4 Is mór é an Tiarna; is díol molta é; is díol eagla thar na déithe go léir é. 5 Ní dada iad déithe na gciníocha; ach is é an Tiarna a rinne na flaithis. 6 Is leis an ghlóir agus an gradam; tá cumhacht agus taibhse ina shanctóir. 7 Tugaigí don Tiarna, a chlanna na gciníocha; tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht, 8 tugaigí don Tiarna an ghlóir is dual dá ainm; tugaigí bhur dtabhartais libh isteach ina chúirteanna. 9 Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa; bí ar crith ina láthair a dhomhan uile. 10 Fógraígí do na ciníocha: “Tá an Tiarna ina Rí,” shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe; tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin. 11 Bíodh áthas ar neamh agus ar talamh; tugadh an mhuir agus a bhfuil inti a nglór. 12 Bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil ann; tógadh crainn uile na coille gártha áthais 13 i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht; atá ag teacht a rialú na cruinne. Rialóidh sé an domhan go cothrom, agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart