Le linn na h‐uaire céadna sin do líonadh é de gháirdeachas mór tríd an Spiorad Naomh, agus adubhairt sé, Do‐bheirim a bhuidheachas leat, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe sin ar Lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do leanbhaibh iad: do‐rinnis é, a Athair; óir ba é do thoil féin é.
Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh.
do shaor, agus do ghoir le naomh‐ghairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníomhartha, acht do réir a rúin agus a ghrása féin, tugadh i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin,