Eifisigh 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Ar an adhbhar sin, mise Pól, príosúnach Íosa Críost ar bhur son‐sa, 2 Cineadhacha — má’s fíor go gcualabhar cionnas mar cuireadh de dhualgas orm grása Dé do dháileadh oraibh; 3 cionnas mar foillsigheadh an rúindiamhair tré thaisbeánadh dhom, mar scríobhas cheana go h‐aithghearr, 4 ó n‐a bhféadann sibh, g‐á léigheamh dhaoibh, m’eolas ar ruindiamhair Chríost do thuigsin; 5 nár foillsigheadh do chlannaibh daonna ins na h‐aoisibh eile, fá mar tá sé foillsighthe anois d’á naomh‐abstalaibh agus d’á naomh‐fháidhibh tríd an Spiorad: 6 is é sin go bhfuil na Cineadhacha ’n‐a gcómh‐oidhribh, agus ’n‐a gcómhpháirtidhthibh san ngeallamhain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnadh seirbhíseach díom‐sa dhe, 7 do réir bronntanais grása Dé tugadh dhom tré bhrigh a chumhachta. 8 Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh; 9 agus a chur i dtuigsin cionnas mar dáileadh an rúindiamhair do bhí fá cheilt leis na ciantaibh i nDia do chruthuigh gach uile nidh; 10 chum go ndéanfaidhe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uachtaránaibh agus do na cumhachtaibh ins na h‐áiteannaibh neamhdha, 11 do réir a raibh ceaptha aige leis na ciantaibh i nÍosa Críost ár dTighearna: 12 tré n‐a bhfuil dánaidheacht agus slighe againn chum teacht chuige de bharr ár gcreidimh ann. 13 D’á bhrigh sin iarraim oraibh gan dul i laige mar gheall ar mo phiantaibh ar bhur son: is iad bhur nglóir iad. 14 Ar an adhbhar sin feacaim mo ghlúna roimh an Athair, 15 ó n‐a n‐ainmnightear gach cineadh d’á bhfuil ar neamh agus ar talamh, 16 chum go dtiubhraidh sé dhaoibh do réir saidhbhris a ghlóire, bheith neartuighthe go bríoghmhar tríd a Spiorad san anam istigh; 17 chum go ndéanaidh Críost cómhnaidhe ’n‐bhur gcroidheachaibh tré chreideamh: ar mhodh, ar mbeith dhaoibh fréamhuighthe agus bunuighthe i ngrádh, 18 go mbéidh ar chumas daoibh, i n‐éinfheacht leis na naomhaibh uile, a thuigsin cad é a leithead, 19 agus a fhaide, agus a dhoimhneacht, agus grádh Chríost, sháruigheas gach eolas, d’aithint, chum go líonfar le lán‐líonmhaireacht Dé sibh. 20 Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó i bhfad níos mó do dhéanamh ’ná thig linn a iarraidh nó a shamhlú, do réir na cumhachta atá ag oibriú ionainn, 21 dó san go raibh an ghlóir san eaglais agus i nÍosa Críost, ó aois go h‐aois, go saoghal na saoghal. Amen. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society