Eoin 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus sé lá roimh an gcáisc, tháinig Íosa go Bétánia, mar a raibh Lasarus, do bhí tógtha ag Íosa ó’n mbás. 2 Agus do‐rinneadar séire annsin: agus do bhí Marta ag friotháileamh; acht do bhí Lasarus mar aon leo‐san do bhí ’n‐a suidhe chum bidh leis. 3 Agus do thóg Máire púnt d’uinnimint náird ghlain, an‐luachmhair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do thriomuigh sí a chosa le n‐a gruaig; agus do líonadh an teach de chumhracht na h‐uinniminte. 4 Acht adubhairt duine d’á dheisceablaibh, Iúdás Iscariót, an té do bhí le n‐a bhraith, 5 Cad chuige nár díoladh an uinnimint seo ar thrí chéad pinginn, agus a thabhairt do na bochtaibh? 6 Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann. 7 Uime sin adubhairt Íosa, Leigidh dhí: go gcoimhéadaidh sí fá chómhair lae m’adhlaicthe é. 8 Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhím‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe. 9 Agus do bhí a fhios ag coitcheanntacht na nIúdach go raibh sé annsin: agus thángadar, ní h‐amháin mar gheall ar Íosa, acht chum go bhfeicfidís Lasarus do bhí tógtha aige ó na marbhaibh. 10 Acht do cheap uachtaráin na sagart de chómhairle Lasarus do chur chum báis, chómh maith; 11 de chionn go raibh mórán de na h‐Iúdaigh ag imtheacht, agus ag creideamhain i hÍosa. 12 Lá ar n‐a bhárach, do bhí sluagh mór díobh‐san tháinig chum na féile, agus nuair do‐chualadar go raibh Íosa ag teacht go h‐Iarúsalem, 13 do thógadar géaga de na pailmibh, agus do ghluaiseadar amach ’n‐a airchis, agus do ghlaodhadar amach, Hósanna: is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna, Rí Israel. 14 Agus fuair Íosa asal óg agus do shuidh sé air; 15 mar tá scríobhtha, Ná bíodh eagla ort, a inghean Shíoin: féach, atá do Rí ag teacht, ’n‐a shuidhe ar shearrach asail. 16 Níor thuig a dheisceabail na neithe sin ar dtús: acht nuair do bhí Íosa glóirighthe, annsin do chuimhnigheadar ar a raibh scríobhtha ’n‐a thaobh, agus go ndearnadar na neithe sin dó. 17 Uime sin, an sluagh daoine do bhí ’n‐a fhochair nuair do ghlaodh sé Lasarus as an tuama, agus do thóg sé ó na marbhaibh é, thugadar fiadhnaise uatha. 18 Uime sin, fós, do chuaidh an sluagh ’n‐a airchis, óir do‐chualadar go ndearna sé an mhíorbhail sin. 19 Adubhairt na Fairisínigh, d’á bhrigh sin, eadortha féin, Do‐chí sibh nach bhfuil ag éirghe libh ar chor ar bith: féach, atá an saoghal go léir imthighthe ’n‐a dhiaidh. 20 Agus do bhí Gréagaigh áirithe i measc na ndaoine do chuaidh suas chum adhradh do dhéanamh sa bhféile: 21 tháinigh siad‐san chum Philib, fear as Bésáida na Galilé, agus do cheistigheadar é, g‐á rádh, A dhuine uasail, ba mhaith linn Íosa d’fheicsin. 22 Tháinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é: tháinig Aindrias agus Pilib, agus d’inniseadar d’Íosa é. 23 Agus d’fhreagair Íosa iad, g‐á rádh, Atá an uair tagtha chum glóir do thabhairt do Mhac an Duine. 24 Go fírinneach adeirim libh, Muna dtuitidh gráinne cruithneachtan sa talamh agus go n‐éagann sé, fanann sé ’n‐a aonar: acht má éagann sé, do‐bheir sé toradh mór uaidh. 25 An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoghal so, coimhéadfaidh sé chum na beathadh síorraidhé é. 26 Má ghníonn aoinneach seirbhís damh‐sa, leanadh sé mé; agus an áit ’n‐a mhbím‐se, béidh mo sheirbhíseach ann, chómh maith: má ghníonn duine ar bith seirbhís damh‐sa, do‐bhéarfaidh m’Athair onóir dhó. 27 Anois atá buaidhirt anma orm; agus créad adéarfad? A Athair, fuascail mé ó’n uair seo. Acht chuige seo is eadh tháinig mé chum na h‐uaire seo. 28 A Athair, glóirigh t’ainm. Annsin tháinig guth ó neamh, Do ghlóirigheas cheana é, agus glóireochad arís é. 29 Agus an sluagh do bhí ’n‐a seasamh annsin, nuair do‐chualadar é, adubhradar gur tóirneach do bhí ann: adubhairt cuid eile, Aingeal do labhair leis. 30 D’fhreagair Íosa agus adubhairt, Ní ar mo shon‐sa tháinig an guth sin, acht ar bhúr son‐sa. 31 Anois atá breitheamhnas an tsaoghail seo ann; anois atá prionnsa an tsaoghail seo le ruagadh. 32 Agus mise, má árduighthear mé ó’n talamh, tarraingeochad chugam na daoine uile. 33 Acht adubhairt sé sin g‐á chur i dtuigsint dóibh cia an saghas báis do‐gheobhadh sé. 34 D’fhreagair an sluagh é, Do thuigeamar ó’n dlighe go bhfanann an Críost de shíor: agus adeir tusa go gcaithfear Mac an Duine d’árdú? cia h‐é Mac so an Duine? 35 Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béidh an solas ’n‐bhúr measc. Siubhlaidh an fhaid atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchact oraibh: agus an té shiubhlas sa dorchact, ní bhíonn a fhios aige cá mbíonn sé ag dul. 36 An fhaid atá an solas agaibh, creididh sa tsolas, chum go mbéidh sibh ’n‐bhúr gclainn do’n tsolas. Do labhair Íosa an méid sin, agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha. 37 Acht gidh go ndearna sé an oiread sin míorbhal ’n‐a bhfiadhnaise, níor chreideadar ann: 38 ionnas go gcóimhlíonfaidhe briathar Ésáias fáidh, adubhairt, A Thighearna, cia chreid ar fhógramar? Agus cia dhó gur nochtadh lámh an Tighearna? 39 Ba é fáth nár fhéadadar creideamhain, go ndubhairt Ésáias i n‐áit eile. 40 Do dhall sé a súile, agus chruadhuigh sé a gcroidhe; Ionnas nach bhfeicfidís le n‐a súilibh, ná nach dtuigfidís le n‐a gcroidhe, Agus nach gcasfaidís, Agus nach leigheasfainn iad. 41 Adubhairt Ésáias é sin, toisc go bhfaca sé a ghlóir; agus do labhair sé ’n‐a thaobh. 42 Do bhí mórán de na h‐uachtaránaibh féin, ámh, do chreid ann; acht, mar gheall ar na Fairisíneachaibh níor admhuigheadar é, ar eagla go gcuirfidhe amach as an tsionagóig iad: 43 óir ba mhó aca an ghlóir dhaonna ’ná glóir d’fhágháil ó Dhia. 44 Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd agus adubhairt, An té chreideas ionnam‐sa ní h‐ionnam‐sa chreideas sé, acht san té do chuir uaidh mé. 45 Agus an té do‐chí mise, do‐chí sé an té do chuir uaidh mé. 46 Tháinig mé mar sholas ar an saoghal, ionnas cibé chreideas ionnam, nach bhfanfadh sé sa dorchacht. 47 Agus má éisteann aoinneach lem’ bhriathraibh, agus nach dtugann aire dhóibh, ní thugaim‐se breith air: óir ní chum breith do thabhairt ar an saoghal thánag, acht chum an tsaoghail do shlánú. 48 An té dhiúltas dom, agus nach nglacann lem’ bhriathraibh, atá aige an té do‐bheir breith air: an briathar adubhart‐sa, do‐bhéarfaidh an briathar sin breith air an lá déidheannach. 49 Óir ní h‐uaim féin do labhras‐sa; acht an t‐Athair do chuir uaidh mé, thug sé órdú dhom, céard adéarfainn, agus céard do labharfainn. 50 Agus atá a fhios agam gur beatha shíorraidhe a órdú: uime sin, gach a labhraim‐se, mar dubhairt an t‐Athair liom é, labhraim. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society