Eifisigh 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Pól, abstal Íosa Críost tré thoil Dé, chum na naomh atá i nEiféis, agus chum lucht an chreidimh i nÍosa Críost: 2 grása dhaoibh agus síothcháin ó Dhia an tAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. 3 Go mbeannuightear Dia agus Athair ár dTighearna Íosa Críost, do bheannuigh le gach beannacht spioradálta sinn ins na h‐áiteannaibh neamhdha i gCríost: 4 fá mar thogh sé sinne ann roimh thosach an domhain, chum go mbéimís naomhtha, gan locht ’n‐a fhiadhnaise i ngrádh: 5 do réamh‐órduigh sé sinn chum bheith ’n‐ár macaibh uchta dhó féin tré Íosa Críost, do réir deagh‐rogha a thola, 6 chum clú glóire a ghrása, do bhronn sé go saor orainn san Té n‐a bhfuil a ghrádh: 7 ’n‐a bhfuil fuascladh againn tré n‐a fhuil, maitheamhnas ár bpeacadh, 8 do réir saidhbhris a ghrása, do roinn sé go líonmhar orainn san uile eagna agus tuigsin, 9 tar a éis dó rúindiamhair a thola do nochtadh dhúinn, fá mar bhí ceaptha ann féin aige, do réir a dhéighmhéine féin, 10 chum an uile nidh do chómhchruinniú i gCríost, nuair thiocfadh na h‐aimseara chum críche, idir a bhfuil ar neamh, agus a bhfuil ar talamh. 11 Do rinneadh oidhrí dhínne ann, ar mbeith dhúinn réamhórduighthe do réir rúin an té do‐ghní gach nidh do réir cómhairle a thola féin: 12 chum go mairfimís chum clú a ghlóire, sinne ba luaithe do chuir ár ndóchas i gCríost: 13 ’n‐ar chuir sibhse, leis, tar a éis daoibh briathar na fírinne do chlos, soiscéal ár slánuighthe — an té ’n‐ar chreideabhar, agus gur cuireadh séala Spioraid Naoimh na geallamhna oraibh, 14 atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oidhreacht, chum sealbhachas Dé d’fhuascailt, chum clú a glóire. 15 Ar an adhbhar sin, ar gclos dom i dtaobh an chreidimh atá agaibh san Tighearna Íosa, agus i dtaobh bhur ngrádha do na naomhaibh go léir, 16 ní scuraim de bheith ag breith buidheachais ar bhur son, ag cuimhneamh oraibh im’ urnaighthibh; 17 chum go dtugaidh Dia ár dTighearna Íosa Críost, Athair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta dhaoibh i n‐eolas air: 18 chum go soillseochar súilí bhur gcroidhe, chum go mbéidh a fhios agaibh cad é an dóchas chum a ngoireann sé sinn, saidhbhreas glóire a oidhreachta ins na naomhaibh, 19 agus cad é móir‐mhéid a chumhachta ’n‐ár dtaobh‐na chreideas, do réir mar oibrigheas brigh mhór a chumais, d’oibrigh sé i gCríost, 20 nuair do thóg sé ó na marbhaibh é, agus do chuir sé ’n‐a shuidhe é ar a láimh dheis féin ins na h‐áiteannaibh neamhdha, 21 i bhfad os cionn gach tighearnais, agus ughdaráis agus cumhachta, agus os cionn gach ainme ainmnightear, ní h‐é amháin san tsaoghal so, 22 acht san tsaoghal atá le teacht: agus do chuir sé gach uile nidh fá n‐a chosaibh, agus thug sé dhó bheith mar cheann thar cách ar an eaglais, 23 gur ab í a chorp í, iomláine an te líonas an t‐iomlán ar fad. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society