Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 3:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

I n aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus Annas agus Caiaphas ina n‑ardsagairt, ba san am sin a tháinig briathar Dé chuig Eoin mac Shecaría san fhásach;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Le linn Annas agus Caiphas a bheith ina n-árdshagairt, tháinic briathar an Tighearna chuig Eoin, mac Shacaire, san fhásach.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

nuair do bhí Annas agus Cáiafas ’n‐a h‐árd‐shagartaibh, tháinig briathar Dé chum Eoin mac Shachariais sa bhfásach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

An tan do bhí Annas agus Caiphás na nárdshagartuibh, tháinic bríathar Dé chum Eóin mhic Sacharías san bhfásach.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

faoi ard-sagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zacairiá sa bhfhásach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

faoi ardsagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zachairias san fhásach.

Féach an chaibidil



Lúcás 3:2
21 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith?


Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár, bh’ainim Caiphas;


Mar atá sgríobhtha i n-Isáias fáidh: Féach, táim ag cur mo theachtaire rómhat chun na slighe d’ollamhú rómhat.


Agus d’fás an leanbh agus do neartuigh sé i spioraid agus bhí sé ins na h-áiteanaibh uaigneacha go dtáinig an lá ’n-a raibh air é féin a thaisbeáint i láthair Israéil.


Cad deirir ad’ thaobh féin? Dubhairt sé: Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh.


Ansan do chuir Annas uaidh é gabhtha ag triall ar Cáiphas an t-árdshagart.


Agus Annas an t-árdshagart, agus Caiphas, agus Eóin, agus Alecsandar, agus gach ar bhain le treibh na sagart.