Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh;
A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé. Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann. Na beireadh an tolc buáidh ort, achd beirse buáidh ar a nolc ré maith.
Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc: Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.
Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé? Agus atá a náithese aguinn úadhsan, An tí ghrádhuigheas Día go nghrádhughadh sé a dhearbhtáthar mar an gcéudna.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.
Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.
Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Má bhíonn do námhaid ocrach, tabhair arán dó re ithe; agus má bhíonn tart air, tabhair uisge dhó ré a ól: Oír crúachfuidh tú sméaróide teineadh air a chionn, agus cúiteochuidh an TIGHEARNA sin riot.
Uime sin, a dhearbhráíthre grádhacha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge: A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé.
Achd a deirim ribhsi atá ag éisdeachd, Grádhuighidh bhur námhuid, déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh, Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil.
Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.
Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith.
Scuir ó fheirg, agus léig dhíot ainteas: ná fearguidh thú féin air éanchor chum uilc do dhéanamh.
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Gidh bé cheilios sárughadh íarruidh sé grádh; acht gidh bé athnúaighios cúis dealnigh sé cáirde.
Tuguidh aire ribh nách déun éinneach olc a naghuidh uilc ar bith; achd leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.
Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn. Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi:
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día. An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.
Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó. Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine. Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna. Cuimhnighe ar mhnáoi Lot. Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é. A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile. Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean. Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile. Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair. Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.
Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Is féarr an té bhíos mall chum feirge ná an cumhachtach; agus an té ríaghlas a spiorad ná an té ghabhus cathair.
Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas. Agus síolchurthar toradh na fíreuntachda a síothcháin do luchd déunta na síothchána.
Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Cuiridh discréid duine a fhearg air cáirde; agus isí a ghlóir míríaghuil do léigean thairis.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.
Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair? A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.
Dúisgidh duine nimhneach súas ceannairg: acht an té is mall chum feirge laghduighidh sé imreasuin.
Uime sin as mían rium na fir do dhéunamh úrnuighe sa nuile áit, ag tógbháil súas a lámh náomhtha, gan fheirg gan amharus.
Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.
A dhearbhraithre, má ghreamuighthear neach a gcóir ar bith go hobann, tuguidhse a dhream spioradálta, a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda; ag tabhairt aire leachd féin a dhuine, nach ccuirfidhe cáthughadh ortsa mar an gcéudha.
Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.
Oír breitheamhnus gan trócaire, don tí nach dearnadh trócaire; agus do ní an trócaire gáirdeachas a naghuidh an bhreitheamhnuis.
Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.
Agus gibh bé dhá dtug sibhse maitheamhnus áoinneithe, do bheirimse mar an gcéadna: óir má thug misi maitheamhnus a neinní uáim, gidh bé dhá dtug mé an maitheamhnus, is ar bhir sonsa tug mé uáím é a bhfíadhnuisi Chríosd; Deagla Shátan do bhreith buáidhe oruinn ré na ghliocas: oír ní bhfuil ainbhfios a shlightheadhsan oruinn.
Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin. Laibheoruidh béul a nfíréin eagna, agus laibheoruidh a theanga breitheamhnus. Atá dligheadh a Dhé iona chroidhe, ní sciorrfuidh áon dá choiscéimibh. Bí an drochdhuine ag faire ar an bhfíréun, agus íarruidh a chur chum báis. Ní fhúigfidh an TIGHEARNA iona láimh é, agus ní dhaimnéochuidh é an tan do dhéantar breitheamhnus air. Feith air an TTIGHEARNA, agus connaimh a shlighe, agus áirdeochuidh sé thú chum oighreachda na dúithche: a nuáir bhéid na drochdhaóine air na scrios, do chífe tú sin. Do chonnairc mé an drochdhuine neartmhar, agus agá leathnughadh féin amhuil crann glas fhasas úadh féin. Agus do ghabhus thort, agus, féuch, ni raibh sé ann: agus díarr mé é, agus níor fríth é. Comharthuigh an fíréun, féuch air an ndíreach: óir is síothcháin críoch a nfir sin. Acht scriosfuighthear luchd an tsáruighthe á néinfheachd: agus gearrfar amach deireadh an drochdhuine. Agus is ón TIGHEARNA atá slánughadh a nfíréin: sé a neart é a naimsir a néigiontuis. Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.
Uime sin ar gcur na huile aingidheachda, agus meabhla, agus fhalláis, agus thnútha, agus an uile ithiomráidh uáibh,
Do ní an duine trócaireach maith dhá anam féin: acht an té bhíos éattrocaireach buáidhridh sé a fheóil féin.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Bí tuigsi mhor ag an té bhíos mall chum feirge: acht an té bhíos deithniosach a spioraid árduighidh sé leimhe.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh; Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd; Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:) Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin; Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne; Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd. Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn. Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal. An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus. Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha. Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Atá an TIGHEARNA grásamhuil, agus lán do thruáighe; fadfhuilingtheach, agus mórthrócaireach. Is maith an TIGHEARNA do nuile: agus atá a thrócaire chinealta ós cionn a oibreach uile.
Oír gidh bé agá bhfuil dúil ann a bheatha, agus ré ar mían laéthe maithe dfaicsin, congmhadh sé a theanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó mheabháil a labhairt: Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith; iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi.
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.
Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.
Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin. Achd dá raibh sibh ag crine agus ag slughadh a cheile, tabhruidh aire ribh nách ccnáoithear sibh ré chéile.
Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid;
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Na beiridh breath, do chum nach mbéarthaói breath oraibh. Agus mas iásg iárrfus sém an nathair neimhe do bheúradh sé dhó? Ar a nadhbharsin, ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tiodhluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur Nathairse atá air neamh neithe maithe don dreim iárrus air iád? Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe. Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe: Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe. Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh? Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís.
Oír a sí so an teachdaireachd do chúalabhair ó thosuigh, eadhon sinne do thabhairt grádh dhá chéile.
Ar a nadhbharin ní héidir do leisgél a ghabháil, a dhuine, gidh bé ar bith thú dhamnuigheas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neach eile, dáoradh tú thú féin; óir thusa dháorus duine eile do ní tú na neithe céadna.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Nár ab é a ní bheanus ris féin shírfeas neach ar bith, achd síreadh gan áon a ní rachus a sochar da chomharsuin.
Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.)
Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn.
Coimhéad do theanga ó urchóid, agus do bhéul ó labhradh ceilge. Dealuidh ris a nolc, agus déan maith; íarr síothcháin, agus lean í.
An tí, nach dearnuidh anchaint, a naghuidh na hanchainte do rinneadh air; nach dearnuidh bagair, ag fulang dho; achd tug é féin a láimh an tí do ní breitheamhnus go ceart:
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta. Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile; Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna; Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe; Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh. Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad. Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin. Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
Caiglidh an té agá mbí éolus a bhríathra: agus bí fear na tuigsiona do spiorad dhearscnuighthe. An tamadán féin, a nuáir bhíos sé na thochd, meastar críonna é: agus an té dhruidios a bhéul bí sé measta na dhuine thuigsionach.
An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc.
Táobh do shlighe ris an TTIGHEARNA; agus cuir do dhóigh ann; agus do dhéana sé é. Agus do bhéaruidh sé amach thfíreuntachd mar an solus, agus do bhreitheamhnus mar sholus an mheadhon laói.
Agus an tan do leanadar ag cur na ceasda sin air, déírigh sé suás, agus a dubhairt sé riú, Gidh bé aguibhsi atá gab pheacadh, caitheadh sé an chéadchloch ría.
Cuiridh an gháoth thúaigh a nfearthuinn ar ccúl: marsin do ní an ghnúis fheargach an teanga ithiomráidhteach.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
Ionnus nach bíadh siosma sa gcorp; achd go mbíadh an cúram céudna ag na ballaibh ar son a chéile. Uime sin dá bhfuilngidh éunbhall, comhfhuilngid na buíll nile; nó dá bhfaghuidh éunbhall onóir, do níd na buill uile gáirdeachas má ráon ris.
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda.
Achd ma pheacuigheann do dhearbhrathair ad aghuidh, imthigh agus spreag é eadrad féin agus é féin amhain: agus má éisteann sé riot, do ghnodhuigh tú do dhearbhráthair.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh. Tuguidh aóidheachd dá chéile gan monmhar.
Dearbhráthair ar na fheargughadh is deacra a fhagháil ná cathair láidir: agus is cosmhuil a nimreasuin ré barradhuibh caisléin.
Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomhnuighe; sibhsi a dhaoine, dóirtighe amach bhur ccroidhe dá lathair: isé Día is dídion dhúinn. Selah.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach.
Ata dfiachaibh orainne an dream atá láidir éugcrúas na ndáoineadh meirbh diomchar, agus gan ar dtoil féin do leanmhuin.
Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú. Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Admhuighe bhur gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile, chum go leighéosfuidh sibh. Oir as mór an bhrígh atá a nurnuighe dhúthrachduigh a nfíréin.
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór. Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin.
Agus guidhemid sibh, a dhearbhráithre, teagusgaidh ná daóine míríaghalta, tugaidh furtachd don lagchroídheach, iomchraidh ris a nanbhfann, bighidh foighideach ris a nuile dhuine.
Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd: Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Oír as eision ar síothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla méadhónach na teóruinne;
Agus a dubhairt sé riú, Feachaidh, agus seachnuidh sibh ar a tsaint: oír ní a níomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith atá a bheatha.
Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid: Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;
Oir gidh be aít ann a bhfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.
Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Is crann beatha teanga fhalláin: acht is briseadh a spioraid urchóid do bheith innte.
Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann, ionnas go mbíadh a fhios aguibh cionnas as coir dhíbh gach áon do fhreagra.
Achd tusa, óglaóich Dé, seachuin na neithese; agus lean dfíréuntachd, do dhíaghachd, do chreideamh, do ghrádh, dfoighid, agus do cheannsachd.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Déanuidh faire agus urnuighthe, do chum nach ttuitfeadh sibh a gcathughadh: A tá an spiorad go deimhin ullamh, achd a tá an cholann anbhfann.
Uime sin an feadh atá an tám aguinn, déunam maith do na huile dháoinibh, agus go mórmhór do luchd éintighe an chreidimh.
As úabhar amháin thig an cheannairg: acht bí eagna ag na daóinibh deagh-chomhairleacha.
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.