Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Corantaigh 1:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn, i dtreo go mbímid i riocht sólás a thabhairt do dhaoine eile a bhíonn in aon anacair leis an sólás lena bhfaighimid féin sólás ó Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 a thugas sólás dúinn inár n-angar uile, ionas go dtugaimid sólás uainn dá mbíonn faoi angar, leis an sólás sin a fhaighimid féin ó Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 do‐bheir cómhfhortacht dúinn ’n‐ár n‐anró uile, chum go mbéidh ar chumas dúinn cómhfhortacht do thabhairt do na daoinibh go mbíonn buaidhirt ar bith ortha, tríd an gcómhfhortacht le n‐a bhfaighmíd féin cómhfhortacht ó Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn, i dtreo go mbímid i riocht sólás a thabhairt do dhaoine eile a bhíonn in aon anacair leis an sólás lena bhfaighimid féin sólás ó Dhia.

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 1:4
24 Tagairtí Cros  

Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.


Is tú m'áit fholaigh, a Thiarna, do m'fhuascailt ó m'anacair; cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm.


Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh, go n‑inseoidh mé a ndearna sé do m'anam.


Tabhair dom comhartha do cheana go bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú, toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna.


Déarfaidh tú an lá sin: “Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá d'fhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom.


“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,” a deir bhur nDia.


Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.


Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?


Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.


Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim! mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.


Agus iarrfaidh mé ar m'Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo -


Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh.


ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m'ainmse, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.


Sin é an fáth a bhfuil sólás orainn. Agus mar bharr ar ár sólás, bhí áthas níos mó fós orainn faoin ngliondar a bhí ar Thíteas toisc gur chuir sibhse go léir a aigne chun suaimhnis.


Is mór í m'iontaoibh asaibh agus is mór é mo bhród. Agus ainneoin mo chuid anacra táim lán de shólás agus ag cur thar maoil le háthas.


Rud eile de, chuir mo chuibhreacha misneach sa Tiarna ar fhormhór mo bhráithre Críostaí i dtreo gur dána ná riamh iad ag fógairt an dea-scéil gan scáth gan eagla.


Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.


Dá bhrí sin, leanaigí ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile faoi mar atá sibh a dhéanamh cheana.


Dá bhrí sin, “teannaigí bhur lámha faona agus bhur nglúine laga


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí