Do íodhbradar do dhiabhluibh, ní do Dhía; do dhéeibh nar bhfeas doíbh, do dhéeibh núadha tháinic ansíus go núadh, nach raibh a neagla ar bhur naithribh.
Agus do íodhbradar a mic agus a ninghiona do dhíabhluibh, Agus do dhóirteadar fuil neimhchiontach, fuil a mac agus a ninghean, noch do íodhbradar do dhíabhluibh Chánáan: agus do bhí an talamh ar na thruailliughadh le fuil.
Do fhilleadar go hobann as an tslighe do aithin misi dhíobh: do rinnéadar láogh leaghtha dhóibh féin, agus do adhradar dhó, agus do íodhbradar dhó, agus a dubhradar, Is íad so do dhéesi, ó a Israel, noch thug thu amach as crích na Hégipte.
Agus do rinneadar áite árda Bhaal, noch atá a ngleann mhic Hinnom, do thabhairt air a macaibh, agus air a ningheanuibh dul thríd an tteine do Mholoch; noch nar aithin misi dhíobh, ní mó tháinic sé ann minntinn, go ndéanaidis an ghráineamhlachtso, tabhairt ar Iúdah peacughadh.
Tuilleamh oile do rinne sé íodhbairt a ngleann mhic Hinnom, agus do loisg sé a chlann annsa teine, do réir ghráineamhlachd na ngeinteadh noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel.
Mar sin do chuáidh mé a steach agus dféuch mé; agus do chonnáirc mé cuma gach uile neithe shnáidhios, agus bheathach nadhfhuathmhar, agus uile iodhail thighe Israel, ar na ttarruing air an mballa timchioll fá ccuáirt.
Agus do thruáilligh sé Tophet, noch atá a ngleann chloinne Hinnom, iondus nach budh fhéidir lé héanduine a thabhairt air a mhac nó ar á inghin dhul thríd an tteine go Molech.
Agus do cheangladar íad féin ré Baal-peor mar an gceadna, agus dithiodar íodhbartha na marbh.
Oír ionann dul an neasurramachd agus peacadh piseóguigh, agus easumhla ionnán agus éaigceart agus iodhaládhradh. Do chionn gur tharcuisnigh tú focal an TIGHEARNA, do tharcuisnigh seision thusa mar an gcéadna ó bheith ad rígh.
Daome bhrostuigheas misi chum feirge a gcomhnuidhe a gclár méadain; íodhbras a ngáirdinibh, agus loisgeas túis ar altóruibh bríce:
Mar do ghoireadar íad, is marsin dimthigheadar úatha: díodhbradar do Bhaalim, agus do loisgeadar túis díomháighibh greanta.
Achd as insgríobhtha chuca, iad féin do sheachna ar thruáillighthibh na niodhal, agus ar stríopthachus, agus ó ní tachduighthe, agus ó fhuil.
An tionad ar bhrostuigheabhair misi chum feirge lé hoibreachaibh bhur lámh, ag losgadh túise do dhéibh oile a ccrích na Hégipte, mar a ndeachabhair do chomhnuidhe, chor go ngéarrfaidh sibh amach, agus go mbeith sibh mar mhallughadh agus mar scannail a measc uile chineadhach an domhuin?
¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad tathuightheach, nó bhías na fáistineach, cuirfighear go demhin chum báis íad: géabhuid do chlochuibh orra: bíaidh a bhfuil orra féin.
¶ Tuilleamh fós luchd na leannáin síthe, agus an luchd fáistine, agus na híomhaighe, agus na híodhuil, agus gach uile adhfhúathmhaireachd do fríth a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do chuir Iosiah ar ccúl íad, chor go ccoimhlíonfadh sé bríathra an dlighe noch do bhí scríobhtha annsa leabhar do fúair Hilciah an sagart a ttigh an TIGHEARNA.
Is marso a déir an TIGHEARNA Rígh Israel, agus a fhúascaltóir TIGHEARNA na slógh; Is misi an céad, agus is mé an deighionach; táobh amhuigh dhíom ní bhfuil Día ar bith.
Annsin biáidh sí ag an nduine re a losgadh: óir glacfa dhe sin, agus gorfuidh é féin; féuch, dearguidh sé é, agus bacalúidhe sé arán; fós, do ní sé dia, agus adhruidh sé; do ní sé íomháigh ghreanta dhe, agus léigidh é féin ar a ghluinibh dhó. Loisgidh sé cuid de annsa teine; le cuid de ithe sé feóil: do ní sé rósta, agus bí sé sáitheach: do ní fós, é féin do ghoradh, agus a deir, Aha, atáim goirthe, do chonnairc mé an teine: Agus do ní se día don chuid oile dhe, eadhon íomháigh ghreanta: cláonuidh sé síos di, agus adhraidh sé í, agus guidhigh sé chuige, agus a deir, Sáor mé, óir is tú mó dhía.
Ni dhéantaoi dháoibh féin íodhuil ar bith nó iomháigh ghrábhalta, ní mó chuirfeas sibh súas íomháigh sheasmhach, ni mó chuirfidhe én iomháighe chloiche súas ionbhur bfearann, do chromadh sios di: oir misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal:
Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.
Agus a dubháirt an TIGHEARNA riom, Eirigh, imthigh síos go lúath as so; óir do thruaill do phobal noch thug tú amach as a Négipt íad fein; do fhilliodar go hobann as an tslighe do aithin misi dhíobh; do rinneadar iómháigh leaghtha dhóibh féin.
Agus tiucfuid na Caldéanuigh, throideas a naghaidh na caithreachso, agus cuirfid an chathairsi tré theine, agus loiscfid í maille ris na tíghthibh, ar a mullach ar ofráladar túis do Bhaal, agus ar dhóirteadar amach ofrála dighe do dhéibh oile, dom bhrostúghadhsa chum feirge.
Achd ní híad sdríopacha an tsáoghailse go huilidhe, náid a dháoine sanntacha, náid a luchd sracaireachda, náid a luchd iodhaladhruidh; óir da madh íad do chaithfeadh sibh an sáoghal dfágbhail. Achd a nois do sgríobh mé chúgaibh gan chaidreabh do dhéanamh, má bhíonn éainneach dá ngoirthear dearbhráthair na sdríopaigh, nó na dhuine shanntach, nó na fhear iodhaladhruidh, no na fhear cainighe, nó na fhear misge, nó na fhear fúaduighe; ná caithidh fíu an bhidh na fhochair.
Do ghlac tú fós do sheóid bhreágha dom órsa agus dom airgiod, noch thug mé dhuit, agus do rinne tú dhuit íomháighe daóine, agus do rinne tú stríopachus ríu, Agus do ghlac tú héadach bróidnéireachda, agus dfoluigh tú íad: agus do shuighidh tú mo olasa agus mo thúis ós a ccionne. Mo bhíadh mar an ccéadna thug mé dhuit, plúr mín, agus ola, agus mil, leir bheathaigh mé thú, do shuighidh tusa iona bhfíadhnuisi é mar bholadh cumhra: agus is marso do bhí, a deir an Tighearna DIA.
Truaillfighthí fós folach híomháigheadh greanta dairgiod, agus córughadh híomháigheadh leaghtha dór: teilgfidh tú uáit íad amhail éadach salach; a déara tú ris, Imthigh as so.
Do chorruigheadar chum éada mé, leis an ní nach Día; do bhrostuigheadar mé chum feirge le na ndíomháoineas: agus cuirfe misi eúd orrasan ris an ndroing nach bhfuil na bpobal; broisteochuidh mé chum feirge íad ré cineadh amadanta.
Agus anois peacuighid síad ní is mó agus ní is mó, agus do rinneadar iomháighe leaghtha dá nairgiod, agus iodhail do réir a ttuicsiona féin, íad uile oibreacha na bhfear ceirde: a deirid dá ttáobhsan, Na daóine iodhbras pógaidís na laóigh.
Achd scriosfaidh sibh a naltóra, brisfigh sibh a niómháighe, agus gearrfuidh sibh síos a ngarraín:
Agus do bhádar ar na salchadh le na noibreachaibh féin, agus do chuadar re méirdreachus le na naigiontaibh féin.
Dfoillsigh mé fós ó thosach dhuit é; suil tháinic sé a ccrích do thaisbéin mé dhuit é: deagla go naibeorthá, Isé miodhal do rinne íad, agus míomháigh ghreanta, agus míomháigh leaghtha, daithin íad.
Do chionn gur thréigiodar mé, agus gur ádhradar Astarot baindía na Sidónianach, Chémos diá na Moabíteach, agus Milcom día chloinne Ammon, agus nar shiubhluigheadar ann mo shlighthibhsi, do dhéanamh an neithe is ceart ann mo radharc, agus mo reachda do choimhéud agus mo bhretheamhnuis, mar do rinne Dáibhi a athair.
Oír do rinneadar clann Iúdah olc ann mo radharc, a deir an TIGHEARNA: do chúireadar a ngráineamhlachda annsa tigh ghoirthear a mainmsí, dá thruáilleadh. Agus do thógbhadar áite árda Tóphet, noch atá a ngleann mhic Hinnom, do losgadh a mac agus a ninghean annsa teíne; ni nach ar aithin misi, agus nach ttáinic ann mo chroidhe.
Do bhrígh gur dhearmuid mo phobal mé, do loisgeadar túis lé díomhaóineas, agus thugadar orra tuisleadh iona slighthibh as na seanchasánuibh, do shiúbhal a ccasánuibh, sligheadh nar teilgeadh súas;
Agus ann gach uile ní dá ndubhairt mé riot bí go fuireachair: agus ná tárr thair anmanuíbh dée ar bith eile, narob mó chluinfighear as do bbéul é.
Is misi an TIGHEARNA: sé sin mainm: agus ní thiubhra mé mo ghlóir do neach oile, nó mo mholadh díomháighibh grábhálta.
Agus scríosfa misi bhur náite árda, agus gearrfa mé síos bhur níomhaighe, agus teilgfe mé bhur gconablach ar chonablachuibh bhur niodhal, agus fuaitheochuidh manam sibh.
Is marso a déara sibh ríu, Na dée nach déarna na neamha nó an talamh, sgriosfuighear íad ón ttalamh, agus ó faói na neamhuibhsi.
¶ Marsin cía ré saimhleochuidhe Día? no cía an chosamhlachd chuirfidhe iona choimhmeas?
Is airgiod agus ór íomhaighe na ngeinteadh, obair lámh dáoine. Atá béul aca, agus ní labhraid; atáid súile aca, agus ní fhaicid síad; Atáid cluása aca, agus ní chluinid; agus ní bhfuil fós anál iona mbéul. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad: gach a ccuirionn a ndóigh ionnta.
¶ Agus do labhair Samuel re tigh Israel uile, dha rádh, Má fhilltí chum an TIGHEARNA maille ré bhur gcroidhthibh go hiomlán, ann sinn cuiridh úaibh na dee coimhitheacha agus Astárot as bhur measc, agus ullmhuighidh bhur gcroidhthe chum an TIGHEARNA, agus déanuidh seirbhís dósan ámháin: agus sáorfuidh sé sibh as láimh na Bhphilistineach.
¶ Uimesin abair ré tigh Israel, Is marso a deir an Tighearna DIA, Déanuigh aithrighe, agus iompóighidh sibh féin ó bhur niodhaluibh; agus fillidh bhur naighthe ó bhur nuile ghráineamhlachtaibh. Oír gach uile dhuine do thigh Israel, nó don choimhthigheach bhíos ar cuáirt ann Israel, noch dhealuigheas é féin ó bheith am dhiáighsi, agus chuirios a iodhala súas iona chroidhe, agus churios an ceap tuisligh a éicceart as coinne a aighthe, agus thiucfas a ccionn fáighe do cheastnughadh ris dom thaobhsa; misi an TIGHEARNA freagorad é maille riom féin:
Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
Is bhrúideamhuil gach uile dhuine íona éolus féin: do claóidheadh gach uile chumadóir ann a íomháigh ghreanta: óir is neimhfhírinne a íomháigh leaghtha, agus ní bhfuil ánal ar bith ionnta.
A mhic an duine, do chuireadar an mhuinntir so a niodhal súas iona ccroidhe, agus do chuireadar ceap tuisligh a neigceart as coinne a naighthe: a níarrfuighear misi air áonchor?
Ar a nadhbharsin ar mbeith dhúinn do chinéul Dé, ní coir dhúinn a bhreathnughadh gur cosmhuil an Díaghachd ré hór, ná ré hairgead, ná rá cloich, ar na grabháil lé healuidhin nó lé hinntleachd dháonda.
¶ Acht tairngidh a bhfogus a leith annso, a mhaca na ban druidhe, sliochd a nadhaltrannuigh agus na stríopuidhe.
Ní mó shaileochuid íad féin le na niodhaluibh ní sa mhó, nó lé na neithibh gráineamhla, nó lé coir ar bioth dá ccoirthibh: acht táirtheocha misi íad as a nuile áitibh comhnuidhe, ann ar pheacuigheadar, agus glanfa mé íad: marsin budh íadsan mo phobalsa, agus misi a Ndíasan.
¶ A dubhairt an TIGHEARNA mar an ccéadna riomsa a láethibh Iosiah an rígh, An bhfaca tú an ní sin do rinne Israel míochoinghiollach? do chuáidh sí súas ar gach aon tslíabh ard agus faói gach aon chrann glas, agus annsin do rinne sí meirdreachus.
Oír dhá olc do rinneadar mo dhaóinesi; do thréigeadar misi tobar na nuisgeadh mbéo, agus do thochladar dhóibh féin tiubruide, tiubruide briste nach ccongmhann uisge.
Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh:
Féuch, atáid síad uile na ndíomhaóineas; is neimhní a noibreacha: is gáoth agus is eadarbhuáis a níomháighe leaghtha.
Agus ní ofráilfid nís mó a níodhbartha do dhíabhluibh, a ndiáigh ar imthigheadar lé stríapachus. Biáidh so na statúid aca go bráth ar feadh a ngeinealach.
Cruinnighid an chlann connadh, agus dearguid na haithre an teine, agus súathaid na mná táos, do dhéanamh bairghion do bhainríoghuin neimhe, agus do dhórtadh amach ofrálach dighe do dhéeibh oile, dom bhrostughadhsa chum feírge.
Oír is do réir uibhre do chaithreacha do bhádar do dhée, a Iúdah; agus do réir uibhre sráidionn Ierusalem do chuireabhair súas altóra don ní náireach sin, eadhon altóra do losgadh túise do Bhaal.
Agus do thruáilligh mé íad iona mbronntaibh féin, a náit a ttugadar fa deara ar gach a bhfosclann an bhrú dul thríd an tteine, iondus go ndéanuinn áonránach íad, chor go naitheonaidís gur misi an TIGHEARNA.
Ní bhíaidh Día ar bith eile agad am láthairse. Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh: Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;
Ní dhéana tusa sin red THIGHEARNA do Dhía: óir gach éainni is athfhúamhar lé Día noch a fhuathian sé do nídís sin re na ndeéibh féin; eadhon a mic agus a ninghiona do loisgedis ansa teinidh dá ndeéibh.
Do bhrostuigheadar é chum éada le déeibh coimhitheacha, le gráineamhlachduibh do bhrostuigheadar é chum feirge. Do íodhbradar do dhiabhluibh, ní do Dhía; do dhéeibh nar bhfeas doíbh, do dhéeibh núadha tháinic ansíus go núadh, nach raibh a neagla ar bhur naithribh.
Agus do chorruigheadar é chum feirge le na náitibh árda, agus re na níomháighibh ceirbhéartha do ghluáisiodar é chum éada.
Da bhur lasadh féin lé hiodhaluibh faói gach aon chrann glas, ag marbhadh na leanabh annsna gleanntuibh fa scealpuibh na ccarrac.
Agus thugadar air a macaibh agus air a ningheanuibh dul thríd an tteine, agus do nidís fáistine agus droidheachd, agus do reacadar íad féin do dhéanamh uilc a bhfíadhnuise an TIGHEARNA, dá bhrostughadh chum feirge.
Do bhrígh gur thréigeadar misi, agus go ndeárnadar a náitse coimhightheach, agus gur loisgeadar túis innte do dhéeibh oile, noch nár bhaithnid dhóibh féin nó dhá naithribh, nó do ríghthibh Iúdah, agus gur líonadar a náitsi lé fuil neimhchiontuigh; Do chuireadar súas fós áite árda Bhaal, do loscadh a mac lé teine mar ofrála loisge do Bháal, noch nach ar áithin misi, agus nach ar labhras, agus nach ttáinic ann minntinn.
Oír a nuáir thairgthi bhur mbronta, an tan do bhearthaoi air bhur ccloinn dul thríd án tteine, truáillidhe sibh féin ré bhur nuile iodhaluibh, gus an lá a niugh: agus an bhfíafrochthar misi libhsi, a thigh Israel? Mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, Ní cheistneochthar misi maille ribh.
Geárrfa mé fós híomháighe grábhálta, agus híomháighe feasta a mach as do lár; agus ní aidheora tú ní is mó obair do lámh.
Ná tugaidh ni is mo dofráluibh díomhaóine libh: is adhfhúathmhaireacht damhsa túis; na gealacha núadha agus na sábbóidigh, do ghairm na noireachtus, ní fhéaduim a bhfulang; is égceart é, eadhon an comhchruinniughadh solamonta.
Agus tárla tré éattruime a stríopachuis, gur thruáill sí an talamh, agus go ndéarnuidh sí adhaltrannus re clochuibh agus ré smotanuibh.
Is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh gur dóirteadh do shalchar amach, agus gur foillsigheadh do thárnochtuighthe do bhrígh do stríopachuis led háos grádha, agus re huile iodhaluibh do ghráineamhlachda, agus le fuil do chloinne noch thug tú dhóibhsion;
Ní chromtha tú síos dá ndeéibh, ní dhéana tú seirbhís dóibh, ní mó dhéanas tú do réir a noibreach: ach scriosfa tú íad go léir, agus brisfe tú go léir a níomhaighe.
Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh.
Agus tiucfa a ccrích, an tan a naibeorthaói, Cred fá ndéan an TIGHEARNA ar Ndía na neithesi rinn? ann sin freigeora tú íad; Amhuil mar do thréigeabhairsi misi, agus do fhoghuabhair do dhéeibh coimhightheacha ann bhur ttalamh, is marsin fhoigheontaoi do choimhthigheachuibh a ndúthuigh nach libh féin.
Do bhrígh go ndéarnuidh Manasseh rígh Iúdah na neithe adhfhuathmharsa, go ndéarna sé olc ós cionn a ndéarnadar na Hamorítigh, noch do bhí roimhe, agus go ttug air Iúdah mar an gcéadna peacughadh le na iodhaluibh:
An ngadfuidhe, an muirfidhe, a ndéantaói adhaltrannas, agus mionna bréige do thabhairt, agus túis do losgadh do Bhaal, agus imtheacht a ndiáigh dée oile nach feas díbh;
Agus do tharcuisnigheadar a reachda, agus a chunnradh do rinne sé re na naithribh, agus a fhiadhnuiseadh noch do fhíadhnuigh sé na naghaidh; agus do leanadar díomhaóineas, agus thangadar chum bheith díomhaóin, agus do leanadar na geintigh noch do bhi ar gach táobh dhíobh, a ttaobh ar fhúagair an TIGHEARNA dhíobh, nach déanaidís ní cosmhuil riú. Agus do fhágbhadar uile aitheanta a TTIGHEARNA Día, agus do rinneadar dhóibh féin iomháigheadh leaghtha, dhá láogh, agus do rinnedar garrán, agus do adhradar slógh neimhe uile, agus do adhradar Baal.
Oír do chúadar agus do fhresdaladar dée eile, agus do adhradar íad, dee nar bhfeas dóibh, agus nach ttug seision dóibh:
Uime sin a dtáobh íthe bhídh íodhbarthar díodhaluibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil éifeachd ar bith a niodhail, agus nach bhfuil Día eile ann achd an táon Día.
Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine. Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad: Atáid chlúasa aca, agus ní chluinid: atá srón aca, agus ní bholtnuighid. Atáid lámha aca, agus ní mhothuighid: atáid cosa aca, agus ní shiubhluid: ní labhruid síad le na scórnuigh. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad; a nuile duine chuirios a dhóigh ionta.
¶ Cruinnighidh sibh féin agus tigidh; láimh ré chéile, a dhrong do chuáidh as do na cineadhachaibh: ní bhfuil éolus ar bith ag an mhéid chuireas súas maide a níomháigheadh greanta, agus ghuidhios chum dé nach ccabhruighionn íad.
Claonuidh Bel síos, cromaidh Nebo, do bhádar a niodhala ar a mbeathachaibh, agus ar a náirnéis: do bhádar úaluidhe troma ar bhur ccaráiste; is muirighin íad don bheathach choirthe. Ag foillsiughadh an deiridh ón tosach, agus ón tseanaimsir na neithe nach déarnadh fós, gha rádh, Seasfa mo chomhairlesi, agus do dhéana mé mo thoil féin go hiomlán: Ag gairm eúin chíocraidh ó noirthear, an fear do dhéanas mo chomhairle ó thír imchéin: aseadh, do labhair mé é, do bhéara mé fós chum críche é; do thionnsguin mé é, do dhéana mé fós é. ¶ Eistigh riomsa, a chroidhthe árrachda, atá a bhfad ó fhíréantacht: Do bheirimsi mfírinne a ngar; ní bhiáidh sí a nimchían, agus ní fhanfa mo shlánughadh: agus suighfe mé slánughadh a Sion do Israel mo ghlóir. ¶ Cláonuid síad, claonuid síos a naoinfheacht; níor fhéadadar an teirigh do sheachadadh, acht do chúadar féin a mbraighdionas.
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.
Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.
Atá a ndúithche mar an ccéadna lán díodhaluibh; adhruid oibreacha a lámh féin, an ní do rinneadar a méir féin:
Fúathighim an luchd choimhéadas díomháoineas bréagach: acht cuirim mo dhóthchus annsa TTIGHEARNA.
Oír atáid gnátha an phobail díomhaóin: óir gearruidh aon amach crann as an bhforaois, obair lámh a noibrighe, leis an ttuáigh. Maisighid é le hairgiod agus le hór; ceangluid síad é le tairngibh agus le geannairibh, go nach corruighionn sé. Bíd díreach súas mar an ccrann pailme, acht ní labhruid siad: is éigin a niomchar, do bhrígh nach bhféaduid siubhal. Ná bíthí eaglach rompa; óir ní thig dhíobh olc do dhéanamh, ní mó fós atá ionta maith do dhéanamh.
Uime sin claóidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, sdríopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint, noch as iodhaládhradh:
Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo? Agus do ghlac mé chugam fíadhnuisigh fírinneacha do chuimhniughadh, Uriah an sagart, agus Sechariah mhac leberechiah. Chum an dlighe agus chum na fiadhnuise: muna labhruid síad do réir a nfocailsi, iseadh do chionn nach bhfuil solus air bith ionta.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
A fhíora agus a mhná a nadhaltrannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a naghuidh Dé, cairdeas an tsáoghailse? uime sin gidh bé ré mían an sáoghal bheith na charuid aige do ní sé namhuid Dé dhe féin.
Oír atáid mórán ag siúbhal, fár labhair mé ribh go mici, agus fá a bhfuilim ag gul a nois dá innisin díbh, gur naimhde íad do chroich Chríosd: Agár ab damnughadh a gcríoch dheigheanach, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ghlóir a náire dhóibh, noch smuáineas ar neithibh talmhuidhe.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.