Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 2:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Oír dhá olc do rinneadar mo dhaóinesi; do thréigeadar misi tobar na nuisgeadh mbéo, agus do thochladar dhóibh féin tiubruide, tiubruide briste nach ccongmhann uisge.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 2:13
49 Tagairtí Cros  

mar thréig siad mise agus dhóigh siad túis do dhéithe eile do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m'fhearg ar lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhúchadh.


Líontar le méitheas do thí iad tugann tú deoch dóibh as abhainn d'aoibhneas,


Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.


Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois!


Baois na baoise, a deir Cóheilit; níl in aon ní ach baois.


D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.


Ar an ábhar sin tháinig racht éadóchais orm faoin saothrú go léir a bhí déanta agam abhus faoi luí na gréine.


Mar cé hé ar féidir dó ithe ná ól ar neamhchead dó?


Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.


Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.”


Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d'iompaigh siad uaidh i leith.


Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach as toibreacha an tslánaithe.


Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíocht de cheal tuisceana, a n‑uaisle stiúgtha ag an ocras, agus an slua spalptha le tart.


Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.


Dúirt sé: “Cinnte is iad mo mhuintir iad, mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.” Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu


Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n‑aghaidh i ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad mise chun túis a loscadh do dhéithe eile agus oibreacha a lámh féin a adhradh.


Cuireann na huaisle a gcosmhuintir faoi dhéin uisce, tagann siad chun na ndabhach, agus ní bhfaigheann uisce, filleann siad gona soithí folmha.


Is tú féin a thréig mise - an Tiarna a labhraíonn. Thug tú cúl liom; mar sin sínim mo lámh amach i d'aghaidh le go scriosfainn thú. Tá mé tuirseach den aithreachas.


Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael! Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa, na daoine a iompaíonn uaitse sracfar ó fhréamh iad as an tír, de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.


An n‑imíonn sneachta na Liobáine ón gcarraig bheannach? An dtéann na huiscí maorga a bhíonn ag sní san fhuarthan i ndísc?


De bhrí gur thréig siad mise, gur thruailligh an áit seo, gur loisc túis inti do dhéithe eile nárbh aithnid dóibh féin, ná dá n‑aithreacha, ná do ríthe Iúdá riamh cheana. Líon siad an áit seo le fuil neamhchiontaigh.


An malartaíonn cine a ndéithe? - agus ní déithe in aon chor iad seo! Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóir ar rud gan mhaith.


Nár tharraing tú é seo ort féin, mar gur thréig tú an Tiarna do Dhia?


Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air, is mar sin a bheidh ag teach Iosrael; iad uile, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt, a bhfáithe,


“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”


Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail; spréann siad a líonta; fearacht éanairí cuireann siad dol, agus gabhann daoine.


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n‑íol.


Rug sé ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill - bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t‑uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir.


Mar sin féin, ní sibhse mo phobal; éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde; baineann sibh a fhallaing den duine síochánta agus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.


“A phobal liom, céard a rinne mé ort? Cén chaoi ar chuir mé tuirse ort? Tabhair freagra orm.


“Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d'áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.


D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”


“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t‑uisce beo seo?


Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”


Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: “Má tá tart ar aon duine,” ar sé, “tagadh sé chugamsa agus óladh sé!


Dúirt an Tiarna le Maois: “Is gearr go gcodlóidh tú le d'aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo.


Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill á dtiomáint ag an ngála, agus tá ifreann duairc in áirithe dóibh.


Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha.


Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.


Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.


Dá ainneoin sin, thréig sibh mise agus rinne sibh fónamh do dhéithe eile; uime sin ní dhéanfaidh mé fuascailt oraibh arís.


Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: ‘Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí