Irimia 18:15 - An Bíobla Naofa 198115 Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise! Loscann siad a dtúis do neamhní! D'imigh a gcosa uathu ar a slí dóibh, ag gabháil na seanbhóithre, ag siúl dóibh sna cosáin chama, ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)15 Do bhrígh gur dhearmuid mo phobal mé, do loisgeadar túis lé díomhaóineas, agus thugadar orra tuisleadh iona slighthibh as na seanchasánuibh, do shiúbhal a ccasánuibh, sligheadh nar teilgeadh súas; Féach an chaibidil |
Mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Sibhse, a mhná an rud a gheall bhur mbéal, is ceart go gcriochnóidh bhur lámha go cinnte! Dúirt sibh: Comhlíonfaimid go deimhin na móideanna a thugamar chun túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus chun íobairtí dí a dhoirteadh di. Tá go maith, comhlíonaigí bhur móideanna, doirtigí bhur n‑íobairtí!