Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 1:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam; cuireann an toit atá uathu déistin orm. Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil... ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Ná tugaidh ni is mo dofráluibh díomhaóine libh: is adhfhúathmhaireacht damhsa túis; na gealacha núadha agus na sábbóidigh, do ghairm na noireachtus, ní fhéaduim a bhfulang; is égceart é, eadhon an comhchruinniughadh solamonta.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 1:13
25 Tagairtí Cros  

“Cad ab áil leat chuige inniu?” a d'fhiafraigh sé, “níl sé ina ré nua ná ina shabóid.” Ach d'fhreagair sí: “Tá gach ní ina cheart.”


agus nuair a bhíonn ofrálacha loiscthe á n‑ofráil don Tiarna ar an tsabóid, ar an ré nua, nó ar shollúntas - líon áirithe díobh is é sin de réir mar a shocródh an riail. Dualgas seasmhach orthu é sin i láthair an Tiarna.


Nach minic a bhí siad easumhal dó san fhásach, go ndearna siad a chrá san uaigneas.


Agus an chéad lá beidh comhthionól naofa agaibh agus comhthionól naofa mar an gcéanna ar an seachtú lá. Ná déantar aon scaob oibre na laethanta sin, ach gur féidir daoibh cibé rud a íosfaidh gach duine a chóiriú.


Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.


“Bhí íobairtí le hofráil agam, agus chomhlíon mé mo mhóide inniu.


Mí in aghaidh na míosa le teacht na ré nua, agus seachtain in aghaidh na seachtaine lá na sabóide, tiocfaidh an cine daonna go léir ag sléachtadh i mo láthair, a deir an Tiarna.


An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.


Scrios sé an gairdín agus a bhoth; chreach sé a ionad teagmhála; i Síón chuir an Tiarna ar ceal an tionól féiliúil agus an tsabóid; le racht cuthaigh thug sé droim láimhe don rí agus don sagart araon.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mura toil libh éisteacht liomsa, a mhuintir Iosrael, imígí libh, ní amháin anois ach as seo amach, gach duine agaibh faoi réir bhur n‑íol féin. Ach ní thruailleoidh sibh m'ainm naofa níos mó le bhur mbronntanais agus le bhur n‑íola.


Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís m'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth; bainfidh mé di m'olann agus mo líon, a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.


Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta! Bailígí le chéile, a sheanóirí, áitritheoirí uile na tíre, isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.


Séidigí an stoc i Síón! Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta!


Fágfaidh mé bhur gcathracha ina bhfothracha; scartálfaidh mé bhur sanctóirí; ní bholóidh mé cumhracht libh a thaitneoidh liom.


“Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m'altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.


“Déan dhá thrumpa, déan d'airgead buailte iad. Bain feidhm astu ag gairm an chomhthionóil agus ag scor an champa.


Is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradh, óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’ ”


“Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n‑íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár.


Sa treoir seo atáim a thabhairt daoibh níl aon mholadh le déanamh agam oraibh mar nach fearrde sibh bhur dteacht le chéile ach gur measaide sibh é.


Ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh i gcomhair lá na fuascailte.


Tá daoine áirithe gan dabht agus is le teann formaid agus aighnis a dhéanann siad Críost a fhógairt ach tá an chuid eile á dhéanamh le dea-rún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí