Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 1:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Bhur réanna nua agus bhur n‑oilithreachtaí, is gráin liom iad i m'anam istigh. Is ualach orm iad agus tá mé tuirseach á n‑iompar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Dfúathuigh manam bhur ngealacha núadha agus bhur bhféastadha cinnte: is bnáidhreadh dhamh íad; atáim cuirthe dá niomchar.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 1:14
13 Tagairtí Cros  

agus nuair a bhíonn ofrálacha loiscthe á n‑ofráil don Tiarna ar an tsabóid, ar an ré nua, nó ar shollúntas - líon áirithe díobh is é sin de réir mar a shocródh an riail. Dualgas seasmhach orthu é sin i láthair an Tiarna.


Och, a Airéal, a Airéal, a chathair ba longfort do Dháiví. Cuir bliain i gceann bliana, tagadh na féilte thart ina gcúrsa;


ansin cuirfidh mé Airéal i ngéibheann, beidh éagaoin ann agus éagnach. Beidh tú i d'Airéal agam go dearfa, i do thóiteán tine;


Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid, níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí. Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm, thuirsigh tú mé le do choireanna.


Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart agus is gráin liom slad agus éagóir. Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis, agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.


Mí in aghaidh na míosa le teacht na ré nua, agus seachtain in aghaidh na seachtaine lá na sabóide, tiocfaidh an cine daonna go léir ag sléachtadh i mo láthair, a deir an Tiarna.


Ansin dúirt sé: “Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví, an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?


Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís m'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth; bainfidh mé di m'olann agus mo líon, a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.


Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarna agus clann bhastard a bhreith. Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh.


Féach, brúfaidh mise síos sibh, mar a bhrúitear síos trucail lán de phunanna.


Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte; ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.


In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.


Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí