Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 48:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Is uime sin a d'fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré; sula dtarlódh siad, d'fhógair mé duit iad, ionas nach mbeifeá á rá: “M'íol is é a rinne iad; mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d'ordaigh!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Dfoillsigh mé fós ó thosach dhuit é; suil tháinic sé a ccrích do thaisbéin mé dhuit é: deagla go naibeorthá, Isé miodhal do rinne íad, agus míomháigh ghreanta, agus míomháigh leaghtha, daithin íad.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 48:5
10 Tagairtí Cros  

Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é? Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas.


Cé atá inchurtha liomsa? Amach leis anseo agus labhraíodh sé; taispeánadh sé é féin agus cuireadh sé a chás i mo láthair! Cé hé a thug le fios anallód a raibh le teacht? Fógraíodh siad na rudaí atá chugainn!


Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh: Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó? Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam, an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin? Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!”


Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.


Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.


Na rudaí a tharla, bhí siad foilsithe agam fadó, bhí siad imithe amach as mo bhéal agus fógraithe; leis sin rinne mé beart agus tháinig siad i gcrích.


de réir mar a labhair trí bhéal a naomhfháidh anallód -


Is é an Tiarna atá á rá seo agus tá eolas orthu le fada an lá.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí