Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 48:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois, nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil? Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit, rudaí folaithe nárbh eol duit,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Do chúala tusa, féuch so uile; agus nach bhfoillseochthaói é? do thaisbéin mé neithe núadha ó namsa, eadhon neithe foluightheacha nach raibh a bhfios agadsa.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 48:6
29 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh an t‑eagnaí na nithe seo dá aire; agus beidh tuiscint aige ar bhuanghrá an Tiarna.


Is amhlaidh a d'admhaigh mé le mo bhruasa foraitheanta uile do bhéil.


A phobal liom atá do do bhualadh i do choirce ar an láithreán buailte, an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael, is é atá á fhógairt agam duit.


Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann, bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil!


Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m'onóir leis na híola.


Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.


Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é? Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas.


a cruthaíodh anois beag, nár chuala tú caint orthu go dtí seo, nach féidir leat á rá fúthu: “Ar ndóigh, bhí a fhios agam sin.”


A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia: An raibh mise i m'fhásach do Iosrael, nó i m'fhearann dlúth dorcha? Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa: ‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?


Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.


“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’


An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis?


Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair (is den chríonnacht d'ainm a eaglú). Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin,


An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.


Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m'Athair, chuir mé in iúl daoibh é.


Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”


Mar atá scríofa: “Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.”


Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo.


Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí