Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 32:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus tiucfuid na Caldéanuigh, throideas a naghaidh na caithreachso, agus cuirfid an chathairsi tré theine, agus loiscfid í maille ris na tíghthibh, ar a mullach ar ofráladar túis do Bhaal, agus ar dhóirteadar amach ofrála dighe do dhéibh oile, dom bhrostúghadhsa chum feirge.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 32:29
26 Tagairtí Cros  

Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir.


Chuaigh an pobal amach agus thug leo iad agus rinne scáthláin dóibh féin, gach duine ar dhíon a thí féin, agus ina gclósanna, agus i gclósanna Theampall Dé, ar chearnóg Gheata an Uisce agus ar chearnóg Gheata Eafráim.


Fáistine in aghaidh Ghleann Hionnom. Cad tá ort go bhfuil tú imithe suas ar fad ar bharr na dtithe,


“Agus d'fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d'aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.”


Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”


Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”


Óir tá m'aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”


Rinne d'aos grá uile dearmad díot, ní iarrann siad níos mó thú. Sea, bhuail mé le buille namhad thú, buille neamhthrócaireach (mar gheall ar mhéid do chiontachta agus ar iomadúlacht do pheacaí).


óir is ann a chuir Zidicíá rí Iúdá i bpríosún é. “Cad chuige duit,” ar sé, “ag tairngreacht mar seo, á rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé an chathair seo i láimh rí na Bablóine le go ngabhfaidh sé í,


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Imigh agus labhair le Zidicíá, rí Iúdá. Inis é seo dó: Is mar seo a deir an Tiarna: Táim ag tabhairt na cathrach anois i lámha rí na Bablóine, agus dófaidh sé go talamh í.


Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.


Mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Sibhse, a mhná an rud a gheall bhur mbéal, is ceart go gcriochnóidh bhur lámha go cinnte! Dúirt sibh: Comhlíonfaimid go deimhin na móideanna a thugamar chun túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus chun íobairtí dí a dhoirteadh di. Tá go maith, comhlíonaigí bhur móideanna, doirtigí bhur n‑íobairtí!


Sa chúigiú mí ar an deichiú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.


Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Nach bhfeiceann tú céard tá á dhéanamh acu i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim?


Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile.


Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach; tháinig lasair feirge fíochmhaire ann; d'adhain sé tine i Síón, a loisc a bunsraitheanna.


Clochfaidh an slua iad agus coscróidh leis an gclaíomh iad; maróidh siad a mic agus a n‑iníonacha agus dófaidh a dtithe.


Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.


Lá arna mhárach timpeall meán lae, bhí siad ag cur na slí díobh agus iad ag tarraingt ar an gcathair, nuair a chuaigh Peadar in airde go huachtar an tí ag guí.


caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a d'fhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí