Matha 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do ghlaodh sé chuige a dháréag deisceabal, agus thug sé cumhacht dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana, chum iad do chaitheamh amach, agus chum gach galar agus gach breoiteacht do leigheas. 2 Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair; 3 Pilib agus Parthalán; Tomás, agus Matha, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus; 4 Síomón Cánaníteach, agus lúdás Iscariót, an té do bhraith é. 5 Do chuir Íosa an dáréag sin amach, agus thug sé órdú dhóibh, g‐á rádh, Ná téighidh isteach i slighe na bPágánach, agus na téighidh isteach i gcathrachaibh na Samáritánach; 6 acht téighidh fá dhéin na gcaorach fáin de theaghlach Israel thar chách. 7 Agus, sa tslighe dhaoibh, bidhidh ag craobhscaoileadh, g‐á rádh, Atá rioghacht neimhe i ngiorracht daoibh. 8 Leigheasaidh na h‐easláin, dúisighidh na mairbh, glanaidh na lobhair, caithidh amach na deamhain: i n‐aisce do fuarabhar, tabhraidh uaibh i n‐aisce. 9 Ná soláthruighidh ór, ná airgead, ná prás i n‐bhúr gcreasaibh; 10 ná mála i gcómhair an aistir, ná dhá chasóig, ná bróga, ná bata: óir is fiú an t‐oibridhe a chuid bidh. 11 Agus cibé cathair nó baile beag ’n‐a rachaidh sibh isteach, cuiridh tuairisc deagh‐dhuine ann; agus fanaidh annsin nó go raibh sibh ag imtheacht. 12 Agus ag dul isteach sa tigh dhaoibh, beannuighidh dhó. 13 Agus má’s fiú an teach sin é, tigeadh síothcháin uaibh ar an tigh: acht muna fiú, filleadh bhúr síothcháin oraibh féin. 14 Agus cibé duine nach nglacfaidh sibh, nó nach n‐éistfidh le n‐bhúr mbriathraibh, ag imtheacht as an tigh, nó as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh. 15 Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin. 16 Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh. 17 Acht seachnaidh sibh féin ar na daoinibh: óir do‐bhéaraidh siad ar láimh sibh do na cómhairlibh, agus sciúrsálfaidh siad sibh ’n‐a sionagógaibh; 18 agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh. 19 Acht nuair bhéarfas siad ar láimh sibh, ná bíodh sé n‐a chás agaibh cionnas labharfas sibh, nó créad adéarfas sibh: óir dobhéarfar daoibh, an uair sin féin, an nidh labharfas sibh. 20 Óir ní sibh féin labharfas, acht Spiorad bhúr n‐Athar labharfas ionnaibh. 21 Agus do‐bhéarfaidh an dearbhráthair a dhearbhráthair chum báis, agus an t‐athair a mhac: agus éireochaidh an chlann i n‐aghaidh a n‐aithreach agus a máithreach, agus imreochaid bás ortha. 22 Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se: acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar. 23 Ach nuair déanfar géir‐leanamhain oraibh i n‐aon chathair, teichidh isteach sa gcéad chathair eile: óir adeirim libh go fírinneach, Ní bhéidh deireadh bhúr dturais i gcathrachaibh Israel déanta agaibh sara dtiocfaidh Mac an Duine. 24 Ní sháruigheann an deisceabal a mhúinteoir, agus ní sháruigheann an searbhónta a thighearna. 25 Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é! 26 Ná bíodh eagla oraibh rómpa, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil aon nidh fá chlúid nach nochtfar; agus ni fhuil aon nidh fá cheilt nach n‐aithneochar. 27 An méid adeirim libh sa dorchadas, abraidh‐se sa tsolas é: agus an méid chluineas sibh sa gcluais, craobhscaoilidh ar bhárraibh na dtighthe é. 28 Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann. 29 Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar fheoirling? Agus ní féidir go dtuitfeadh gealbhan aca chum talmhan gan cead bhúr n‐Athar: 30 ach maidir libh‐se, atá ribí bhúr ngruaige féin cómhairighthe. 31 Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin; is mó le rádh sibh‐se go mór ’ná mórán gealbhan. 32 D’á bhrigh sin, gach duine admhóchas mise i láthair na ndaoine, admhóchad‐sa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh. 33 Acht an té shéanfas mé i láthair na ndaoine, séanfadsa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh. 34 Ná measaidh gur chum síothcháin do chur ar an dtalamh thánag‐sa: ní chum síothcháin do chur thánag, acht chum claidheamh do chur ann. 35 Óir thánag chum an duine do chur i gcoinnibh a athar, agus an inghean do chur i gcoinnibh a máthar, agus bean an mhic do chur i gcoinnibh máthar a céile: 36 agus is iad muinntear a thighe féin bhéas mar náimhdibh ag an duine. 37 An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise. 38 Agus an té nach dtógann a chros agus nach leanann im’ dhiaidh‐se, ní fiú liom é. 39 Cibé duine gheobhas a anam caillfidh sé é; agus cibé chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, do‐gheobhaidh sé é. 40 An té ghlacas sibh‐se glacann sé mise, agus an té ghlacas mise glacann sé an té do chuir uaidh mé. 41 An té ghlacas fáidh i n‐ainm fáidhe do‐gheobhaidh sé luach fáidhe; agus an té ghlacas fíréan i n‐ainm fíréin, do‐gheobhaidh sé luach fíréin. 42 Agus cibé duine bhéarfas fiú cupáin fíor‐uisce d’aoinneach de na daoinibh beaga so, i n‐ainm deisceabail, adeirim libh go fírinneach nach gcaillfidh sé a luaigheacht. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society