Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se: acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 agus beidh fuath ag an saol oraibh mar mhaithe le mʼainmse. Ach an té a bhíos buan-seasmhach go deireadh is é a shlánófar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus béidh fuath ag an uile dhuine oraibh ar son m’ainme se. Acht an té a fhulaingeochas go dtí an deireadh, is é a shlánóchar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus biaidh fúath ag gach uile dhuine dhíbh ar son manmasa: achd giodh bé fhuiléongas go dtí deireadh a sé so shlainéochthar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar mʼainm-se. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:22
30 Tagairtí Cros  

Cibé duine gheobhas a anam caillfidh sé é; agus cibé chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, do‐gheobhaidh sé é.


Acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar.


Annsin do‐bhéarfaidh siad chum géir‐leanamhna sibh, agus marbhóchaidh siad sibh: agus béidh fuath ag na cinidheachaibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainm‐se.


Is aoibhinn daoibh‐se nuair do‐bhéarfar tarcuisne dhaoibh, agus nuair ciapfar sibh, agus nuair adéarfar gach aon fhocal bréagach ’n‐bhúr n‐aghaidh, ar mo shon‐sa.


Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son m’anma: acht as té bhéas buan‐tseasmhach go deireadh, is é slánóchar.


Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son m’anma.


Le neart foighde slánóchaidh sibh bhúr n‐anmanna.


Is aoibhinn daoibh‐se nuair thiubhras na daoine fuath dhaoibh, agus nuair shéanfas siad sibh, agus thiubhras siad tarcuisne dhaoibh, agus mhaslóchas siad bhúr n‐ainm mar dhroch‐rud, ar son Mhic an Duine.


Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha.


Thugas‐sa dhóibh do bhriathar‐sa; agus thug an saoghal fuath dhóibh, de chionn nach de’n tsaoghal iad, fá mar nach de’n tsaoghal mise.


Ní fhéadann an saoghal fuath do thabhairt daoibh‐se; acht atá fuath aige dhamh‐sa, de bhrigh go dtugaim fiadhnaise ’n‐a thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h‐olc.


óir taisbeánfad‐sa dhó an mhéid mhór atá le fulang aige ar son m’ainme.


an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh:


Óir sinne atá beo bímíd de shíor d’ár gcur chum báis ar son Íosa, chum go raibh beatha Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcolainn so‐mharbhtha, leis.


Agus ná h‐éirighmís tuirseach ag déanamh maitheasa: óir bainfimíd toradh i n‐am oireamhnach, muna dtagaidh lag‐spioraidighe orainn.


agaibh le meabhlaireacht an pheacaidh óir do rinneadh sinn rannpháirteach le Críost, acht go gcongbhuighmíd ár gcéad mhuinighin go deireadh;


Agus is é is mian liom go dtaisbeánfadh gach duine agaibh an dúthracht chéadna chum lán‐dearbhthacht dóchais do chothú go deireadh:


Is aoibhinn do’n té sheasuigheas cathuighthe go foighdeach: óir tar éis a fhrómhtha gheobhaidh sé coróin na beathadh, atá geallta ag an Tighearna do na daoinibh ghrádhuigheas é.


Ná bíodh aon iongnadh oraibh, a bhráithre, fuath bheith ag an saoghal daoibh.


Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit.


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san cuid de’n mhanna foluighthe, agus do‐bhéarfad dhó cloch gheal, agus ainm nua scríobhtha ar an gcloich, nach bhfuil eolas air ag aoinneach, acht ag an té gheibheas í.


Agus an té bheireas buaidh, agus choimheádas m’oibreacha go deireadh, do‐bhéarfad dó‐san ughdarás os cionn na náisiún,


agus go bhfuil foighid agat agus gur fhulaingis ar son m’ainme, agus nár éirighis tuirseach.


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san toradh le n’ithe de chrann na beathadh atá i bpárrthas Dé.


An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad de chead dó suidhe síos i n‐éinfheacht liom im’ righ‐chathaoir, fá mar rugas féin buaidh, agus do shuidheas síos i n‐éinfheacht lem’ Athair ’n‐a righ‐chathaoir‐sean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí