Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Ach nuair déanfar géir‐leanamhain oraibh i n‐aon chathair, teichidh isteach sa gcéad chathair eile: óir adeirim libh go fírinneach, Ní bhéidh deireadh bhúr dturais i gcathrachaibh Israel déanta agaibh sara dtiocfaidh Mac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Nuair a chuireann siad géarleanúint oraibh i mbaile mór amháin, teithigí go dtí baile mór eile; mar deirim libh go fíor, nach mbeidh bailte móra Iosrael uile siúlta agaibh, go dtaga Mac an duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus nuair a ghéirleanfas siad sibh san chathair seo, teichigidh go cionn eile. Amén adeirim libh, ní bhéidh cathracha Israéil críochnuighthe agaibh go dtí go dtigidh Mac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus an tan ghéarleanfuid síad sibh sa ccathruighsi, teithidh go cathruigh eile: oir go dearbhtha a deirimsi ribh, Nach géubhtháoi timcheall chaithreach Israel, suil thiocfas Mac an duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:23
29 Tagairtí Cros  

Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar mar aon le n‐a ainglibh; agus annsin chúiteochaidh sé gach aoinneach de réir a ghníomhartha.


Go fírinneach adeirim libh, Atá cuid díobh‐san atá n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás nó go bhfeicid Mac an Duine ag teacht ’n‐a ríoghacht.


Nuair do bhíodar imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh agus a mháthair agus éaluigh do’n Éigipt, agus fan annsin go labhrad leat; óir béidh Ioruath ar lorg an leinbh chum a mhillte.


D’á bhrigh sin, féach, chuirim‐se chugaibh fáidhe, agus eagnaidhthe, agus scríobhaidhthe: marbóchaidh sibh cuid aca, agus céasfaidh sibh cuid aca; agus sciúrsálfaidh sibh cuid aca ’n‐bhúr sionagógaibh, agus ruaigfidh sibh ó chathair go cathair iad:


Go fírinneach adeirimse libh, Tiocfaidh na neithe sin go h‐iomlán ar an díne seo.


Óir, ar nós na teinntrighe thig ó’n domhan thoir, agus do‐chítear chómh fada leis an domhan thiar; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine.


agus annsin do‐chífear cómhartha Mhic an Duine sa spéir: agus annsin caoidhfidh cinidheacha an domhain, agus do‐chífid Mac an Duine ag teacht ar scamallaibh neimhe le cumhacht agus le sárghlóir.


Go fírinneach adeirim libh, Ní imtheochaidh an ghlún seo go dtiocfaidh na neithe seo uile chum críche.


Acht, má’s droch‐sheirbhíseach é, agus go n‐abrann sé ’n‐a chroidhe,


Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin, óir ní h‐eol daoibh an lá ná an uair.


Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.


Agus nuair do‐chuala Íosa gur cuireadh Eoin i bpríosún, do chuaidh sé do’n Ghalilé;


Agus annsin do‐chifid Mac an Duine ag teacht ins na scamallaibh le cumhacht mhóir agus le glóir.


Adeirim libh go n‐agarfaidh sé go luath. Acht cheana, nuair thiocfas Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar talamh?


Agus annsin do‐chífid Mac an Duine ag teacht i scamall le cumhacht agus le glóir mhóir.


I n‐a dhiaidh sin do ghluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorbh áil leis siubhal i nIúdaea, toisc go raibh na h‐Iúdaigh ag iarraidh a chur chum báis.


Agus do chuir na bráithreacha Pól agus Sílas uatha gan mhoill san oidhche, go Beréa: agus ar sroichint dóibh, do chuadar isteach i sionagóig na nIúdach.


Annsin gan mhoill do chuir na bráithreacha Pól uatha i dtreo na fairrge: acht d’fhan Sílas agus Timóteus ’n‐a dhiaidh.


Nuair do bhí deireadh leis an toirmeasc, do chuir Pól fios ar na deisceablaibh, agus thug sé deagh‐chómhairle dhóibh, agus d’fhág sé slán aca, agus d’imthigh sé le triall ar an Mhaiceadóin.


Agus d’éirigh géir‐leanmhain mhór an lá sin i gcoinnibh na h‐eaglaise do bhí i nIarúsalem; agus do scaipeadh iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Shamária, acht amháin na h‐abstail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí