Matha 10 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil X Cuireann Críost an dáréag Abstal amach ar fud na tíre, agus bheir sé cumhacht dóibh míorbhailte a dhéanamh. Bheir sé teagasc dóibh. 1 Agus nuair a ghoir sé chuige a dhá dheisciobal déag, thug sé cumhacht dóibh ar spioraid neamhghlana, chun iad a theilgean amach, agus chun gach galar agus gach tinneas a leigheas. 2 Agus is iad seo ainmneacha an dá Abstal déag: Síomon, dá ngoirtear Peadar, an chéad duine, agus Aindrias, a dhearbhráthair. 3 Séamus, mac Shebede, agus Eoin a dhearbhráthair, Pilip agus Partholán, Tomás agus Maitiú, an puibliocánach, agus Séamus, mac Alpheuis agus Taddéus. 4 Síomon, an Cananéach, agus fosta Iúdas Iscariot, an té a bhraith é. 5 Agus chuir Íosa uaidh an dáréag seo, agus thug sé aithne dóibh, ag rádh: Ná gabhaigidh go bealach na gcinidheach, agus ná téighigidh isteach i gcathracha na Samáiriteánach: 6 Acht ina ionad sin téighigidh chuig na caoirigh seachráin as tigh Israéil. 7 Agus ar imtheacht díbh, déanaigidh seanmóireacht, agus abraigidh go bhfuil ríoghacht na bhflaitheas druidthe linn. 8 Leigheasaigidh na h-easláin, tógaigidh na mairbh, glanaigidh na lobhair, teilgigidh amach deamhain. I n-aiscidh a fuair sibh, tabhairigidh uaibh i n-aiscidh. 9 Ná soláthruighigidh ór, ná airgead geal, ná airgead ruadh i bhur gcriosa, 10 Ná mála le h-aghaidh an bhóthair, ná dhá chóta, ná bróga, ná bata: óir is fiú a chuid bídh an t-oibridhe. 11 Agus cibé ar bith cathair nó baile ina rachaidh sibh isteach, cuirigidh tuairisc déagh-dhuine ann, agus fanaigidh annsin nó go bhfágaidh sibh. 12 Agus ag dul isteach i dtigh díbh, beannuighigidh dó, ag rádh: Go raibh síothcháin ag an tigh seo. 13 Agus má’s fiú é an teach sin, tiocfaidh bhur síothcháin air; acht munar fiú é, pillfidh bhur síothcháin thar ais chugaibh. 14 Agus muna bhfáiltighidh duine rómhaibh, cibé ar bith é, agus muna n-éistidh sé le bhur mbriathra, téighigidh amach as an tigh, nó as an chathair sin, agus craithigidh an dusta de bhur gcosa. 15 Amén adeirim libh, béidh sócamhal ag tír Shodoim agus Ghomorra ar lá an bhreitheamhnais thar mar bhéas ag an chathair sin. 16 Féach, cuirim-se sibh mar chaoirigh imeasc mac tíre. Ar an adhbhar sin, bígidh glic mar na naithreacha nimhe, agus sodhanta mar na colmháin. 17 Acht bígidh ar bhur gcoimhéad ar na daoine. Óir bhéarfaidh siad ar láimh sibh i gcómhairleacha, agus sciúrsálfaidh siad sibh ina sineagóga: 18 Agus bhéarfar os cómhair uachtarán, agus ós cómhair ríghthe sibh ar mo shon-sa, mar fhaidhnaise dóbhtha-san, agus do na cinidheacha. 19 Agus nuair a bhéarfar ar láimh sibh, ná bígidh imnidheach fá’n dóigh ná fá’n nídh a labharfas sibh: óir bhéarfar díbh an uair sin cad é a labharfas sibh. 20 Óir ní sibh-se a labhras, acht Spiorad bhur n-Athar, a labhras ionnaibh. 21 Agus bhéarfaidh dearbhráthair dearbhráthair suas chun báis, agus athair mac, agus éireochaidh clann i n-aghaidh aithreach agus máithreach, agus cuirfidh siad chun báis iad. 22 Agus béidh fuath ag an uile dhuine oraibh ar son m’ainme se. Acht an té a fhulaingeochas go dtí an deireadh, is é a shlánóchar. 23 Agus nuair a ghéirleanfas siad sibh san chathair seo, teichigidh go cionn eile. Amén adeirim libh, ní bhéidh cathracha Israéil críochnuighthe agaibh go dtí go dtigidh Mac an Duine. 24 Ní fhuil an deisciobal ós cionn a mháighistir, ná an seirbhíseach ós cionn a thighearna. 25 Is leor do’n deisciobal a bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach mar a thighearna. Má thug siad Beelsebub ar fhear an tighe, nach lugha go mór sin a thabhairt ar mhuinntir a thighe? 26 Ar an adhbhar sin, ná bíodh eagla oraibh rompa. Óir ní fhuíl dadamh foluighthe nach bhfoillseochar, ná aon nídh fá cheilt nach mbéidh fios air. 27 An rud a deirim-se libh san dorchadas, abraigidh é san tsolus, agus an rud a chluin sibh i gcogar, craobhscaoiligidh é ó mhullaigh na dtighthe. 28 Agus ná bíodh eagla oraibh rompa siúd a mharbhas an corp, agus nach dtig leo an t-anam a mharbhadh; acht go mba mhó bhur n-eagla roimh an té a dtig leis anam agus corp a mhilleadh i n-ifreann. 29 Nach ndíoltar dhá ghealbhán ar fheoirling? Agus ní thuitfidh aon cheann acu ar an talamh gan bhur n-Athair. 30 Acht tá cómháireamh fiú ar ruibeacha bhur gcinn go h-uile. 31 Ná bíodh eagla oraibh, dá bhrígh sin; Is feárr sibh-se ná mórán gealbhán. 32 Gach aoinneach, ar an adhbhar sin, a admhóchas mise ós cómhair na ndaoine, admhóchaidh mise eisean fosta ós cómhair m’Athar atá ar neamh. 33 Acht cibé a shéanfas mise ós cómhair na ndaoine, séanfaidh mise eisean fosta ós cómhair m’Athar atá ar neamh. 34 Ná measaigidh go dtáinic mise a chur síothchána ar an talamh: ní tháinic mé a chur síothchána, acht claidheamh. 35 Óir tháinic mé chun duine a chur i n-achrann le n-a athair, agus inghean le n-a máthair, agus bainchliamhain le máthair a céile. 36 Agus is iad muinntir a theaghlaigh féin náimhde an duine. 37 An té ar annsa leis athair nó máthair ná mise, ní fiú mise é; agus an té ar annsa leis mac nó inghean ná mise, ní fiú mise é. 38 Agus an té nach nglacann a chros, agus nach leanann mise, ní fiú mé é. 39 An té a gheibh a anam, caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a anam ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. 40 An té a ghlacas libh-se, glacann sé liom-sa, agus an té a ghlacas liom-sa, glacann sé leis an té a chuir uaidh mé. 41 An té a ghlacas le fáidh i n-ainm fáidh, gheobhaidh sé luach saothair fáidh, agus an té a ghlacas le fíréan i n-ainm fíréin, gheobhaidh sé luach saothair fíréin. 42 Agus cibé ar bith a bhéarfas fiú cupa uisce fhuair le h-ól do chionn de na daoine is lugha acu seo i n-ainm deisciobail, amén adeirim libh, ní chaillfidh sé a luach saothair. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland