Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 “Seo mé do bhur gcur amach uaim mar chaoirigh i measc mac tíre; bígí mar sin chomh glic le nathracha nimhe agus chomh soineanta le coilm.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Féach, cuirim-se sibh mar chaoirigh imeasc mac tíre. Ar an adhbhar sin, bígidh glic mar na naithreacha nimhe, agus sodhanta mar na colmháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Féuch, cuirimse sibhse mar cháorchaibh a measg mhadradh állta: ar anadhbharsin bídhidh glic mar na haithreacha neimhe, agus neamburchóideach mar na colama.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Féach, táim ag bhúr gcur amach ar nós caorach ameasg faolchon. Bídhidh, d’á bhrígh sin, chómh glic leis na h-aithreachaibh nimhe agus chómh símplídhe leis na colúraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 “Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 “Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:16
25 Tagairtí Cros  

Féach atá inniste agam daoibh roimh ré.


Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth?


Agus do bhí cúigear díobh dí‐chéillidhe, agus do bhí cúigear eile céillidhe.


acht thug siad‐san a bhí cé illidhe íle ’n‐a soithighibh chómh maith leis na lóchrannaibh.


Acht d’fhreagair an dream ciallmhar, agus adubhradar, Do b’fhéidir nach mbéadh ár ndóthain ann dúinne agus daoibh‐se: do b’fhearr daoibh dul chum na gceannaidhe, agus cuid do cheannach dhaoibh féin.


Imthighidh rómhaibh: féachaidh, cuirim uaim amach sibh amhail caoirigh i measc madadh allta,


óir do‐bhéarfad‐sa briathra béil agus eagna dhaoibh nach bhféadfaidh bhúr náimhde go léir a séanadh ná cur ’n‐a gcoinnibh.


Atá a fhios agam, nuair bhéidhead‐sa imthighthe, go dtiocfaidh faolchoin fíochmhara isteach ’n‐bhúr measc, agus ní staonfaidh siad ó’n tréad;


A bráithre, ná bidhidh ’n‐bhur leanbhaibh do réir tuigseana: acht i dtaobh mailíse bidhidh ’n‐bhur leanbhaibh, acht i dtaobh tuigseana cinn, bidhidh ’n‐bhur ndaoinibh fásta.


Óir is é fáth ár maoidhmheachais, fiadhnaise ár gcóinsiais, gur i naomhthacht agus i bhfíre i bhfiadhnaise Dé d’iomcharamar sinn féin san tsaoghal, ní h‐é i ngliocas colnaidhe, acht i ngrása Dé, ’n‐bhur dtaobh‐sa go mór.


Agus ní h‐aon iongnadh é sin; mar chuireann Sátan féin cló aingil solais air féin.


Acht is eagal liom, fá mar mheall an nathair Éabha le n‐a ghliocas, go dtruailleochaidhe bhur smaointe ar aon chor ó’n tsimplidheacht agus ó’n ngeanmnaidheacht i dtaobh Chríost.


g‐á sheachaint go mbéadh aon locht le fágháil orainn i dtaobh na flúirse atá le dáileamh againn:


chum go mbéidh sibh gan locht, gan aineamh, ’n‐bhur gclainn Dé gan smál i lár cinidh chaim, chuirpthigh, go bhfuil sibh ’n‐a measc amhail soillsí san tsaoghal,


Ar an adhbhar sin, ó’n lá n‐a gcualamar scéala ’n‐a thaobh, ní scuraimíd de bheith ag déanamh urnaighthe ar bhur son, agus g‐á iarraidh go líonfar sibh d’eolas a thola san uile eagnaidheacht agus tuigsin spioradálta,


Siubhlaidh go stuamdha i dtaobh na ndaoine atá lasmuigh, ag baint tairbhe as an uain.


Is fiadhnaidhthe sibh‐se, agus is fiadhnaidhe Dia, leis, ar a naomhthacht, agus ar a ionnraice, agus ar a neamh‐lochtaighe d’iomcharamar sinn féin ’n‐bhur dtaobh‐na chreideas:


staonaidh ó olcas de gach saghas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí