Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Deirim go fírinneach libh, is éadroime an bhreith a thabharfar ar thír Shodóim agus ar Ghomora lá an bhreithiúnais ná an bhreith a thabharfar ar an mbaile úd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Amén adeirim libh, béidh sócamhal ag tír Shodoim agus Ghomorra ar lá an bhreitheamhnais thar mar bhéas ag an chathair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 A deirim ribh go deimhin, go madh socamhluidhe do thalamh luch Shodóm agus Ghomorra a ló an bhreitheamhnus, nó don chathruighsin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Go deimhin adeirim libh, is saoire a bheidh an sgéal ag tír Shodom nó ag tír Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná ag an gcathair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodam agus Ghomóra lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodom agus Ghomorá lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:15
22 Tagairtí Cros  

Agus adeirim‐se libh, Gach focal díomhaoin labharfas daoine, caithfidh siad cunntas do thabhairt ann, lá an bhreitheamhnais.


Óir adeirim libh go fírinneach, Nó go dtéidh neamh agus talamh ar neamh‐nidh, ní rachaidh aon ghiota ná aon phonnc de’n dlighe ar neamh‐nidh nó go gcóimhlíontar gach éinnidh.


Is iomdha duine adéarfas liom an lá sin, A Thighearna, a Thighearna, nach id’ ainm‐se dorinneamar fáidheadóireacht, agus nach id’ ainm‐se do chaitheamar amach na deamhain, agus nach id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorbhail?


Agus cibé áit nach nglacfaidh sibh, agus nach n‐éistfidh libh, ag imtheacht daoibh as an áit sin, crothaidh an luaithreadh de bhonnaibh bhúr gcos mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh.


An té dhiúltas dom, agus nach nglacann lem’ bhriathraibh, atá aige an té do‐bheir breith air: an briathar adubhart‐sa, do‐bhéarfaidh an briathar sin breith air an lá déidheannach.


Agus is é toil an té do chuir uaidh mé nach gcaillfinn aoinneach díobh‐san atá tabhartha aige dhom, acht go dtógfainn suas é an lá deiridh.


Óir is é toil m’Athair, an uile dhuine do‐chí an Mac, agus chreideas ann, go bhfaigheadh sé an bheatha shíosraidhe, agus tógfad‐sa é an lá deiridh.


de bhrigh go bhfuil lá ceaptha aige ’n‐a dtiubhraidh sé breitheamhnas de réir cirt ar an saoghal tríd an bhfear atá réamh‐órduighthe aige; agus do dhearbhuigh sé é do gach uile dhuine, g‐á thógáil ó na marbhaibh.


óir foillseochaidh an lá é, de bhrigh go ndéanfar soiléir é san teinidh; agus déanfaidh an teine féin a chruthú cia an cineál obair gach duine.


Acht, a bhráithre, ní fhuil sibh‐se san dorchacht, go dtiocfadh an lá úd oraibh mar thiocfadh gadaidhe.


gan cómhchruinniú: gceann a chéile do thréigean, ar nós daoine áirithe, acht bheith ag gríosadh a chéile; go mórmhór de bhrigh go bhfeiceann sibh an lá ag druidim linn.


agus ag déanamh luaithreáin de chathrachaibh Shodoim agus Ghomorra, gur dhaor sé chum léirscriosta iad, ag déanamh sompla dhíobh dhóibh‐sean do chaithfeadh saoghal neimh‐dhiadha ’n‐a dhiaidh sin;


is eol do’n Tighearna cionnas na fíréin do thabhairt slán as cathuighthibh, agus na neimh‐fhíréin do chongbháil fá phionós fá chómhair lae an bhreitheamhnais;


gur fá chómhair teineadh atá siad d’á gcoimheád ag an mbriathar céadna sin, d’á gcongbháil go dtí lá breitheamhnais agus scriosta na ndaoine neimh‐dhiadha.


Is mar sin curtar a ghrádh i gcrich ionnainn, chum go mbéidh uchtach againn i lá an bhreitheamhnais; de bhrigh go mbímíd san tsaoghal mar bhíonn seisean.


Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár choimheád a ngradam féin, acht do tréig a n‐áitreabh, atáid d’á gcongbháil fá shlabhraibh síorraidhe, i ndorchadas, fá chómhair breitheamhnas an lae mhóir.


Sodam agus Gomorra, agus na cathracha ’n‐a dtimcheall, mar an gcéadna, do lean de striapachas agus de chuirptheacht mhí‐nádúrtha, tugadh iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineadh síorraidhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí